19.12.06 Seoladh ‘Rialtas na hÉireann: Ráiteas i Leith na Gaeilge 2006’

An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D.
Seoladh ‘Rialtas na hÉireann: Ráiteas i Leith na Gaeilge 2006’,
Teach Farmleigh, 19/12/06

Tá fáilte romhaibh anseo inniu. Níl i gceist agam labhairt ar feadh i bhfad, toisc go bhfuil mé ag iarraidh an deis a thabhairt daoibh an oiread ceisteanna agus is féidir a chur orainn.  Ba mhaith liom díreach cúpla pointe a chur in bhur láthair. 

Is é an polasaí Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga pobail ar bhonn céimiúil.  Tá aidhm ar leith againn a chinntiú go mbeidh an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.  Ba mhaith liom a rá go sonrach gur le gach duine sa tír an Ghaeilge, na daoine nach bhfuil Gaeilge acu, ach ar mhaith leo go n-úsáidfimis na focail “Taoiseach”, “Tánaiste” srl.,  agus na daoine sin ar cainteoirí dúchais iad.  Ar ndóigh baineann an Ghaeilge leis an tír seo amháin mar theanga labhartha pobail ach is seoid luachmhar domhanda í agus tá buntábhacht ag baint léi mar sin d’fhéiniúlacht phobal na hÉireann agus d’oidhreacht an domhain.  Tá sé de cheart againn mar sin a bheith bródúil agus muid á húsáid, ag cibé leibhéal líofachta atá againn. 

Is comhartha den tábhacht domhanda a bhaineann leis an nGaeilge go bhfuil sí á múineadh in os cionn 50 coláiste ollscoile taobh amuigh den tír seo ar fud na cruinne.  Ar ndóigh tá bláthú as cuimse tagtha ar úsáid na teanga le blianta beaga anuas.  Le tionchar na nGaelscoileanna agus na gColáistí Samhraidh, le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, tá an Ghaeilge níos inchloiste agus níos infheicthe sa sochaí anois le hais mar a bhí le fada an lá.  De réir Daonáireamh 2002, tá beagnach 1.6m duine sa tír anois a bhfuil ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt.  Sin 42% de dhaonra na tíre.  Céad bliain ó shin, áfach, i nDaonáireamh 1901, ní raibh ann ach beagnach 620,000 duine nó 19% de dhaonra na tíre in ann an teanga a labhairt agus, mar is eol daoibh, tháinig meath as cuimse ar úsáid na Gaeilge sa 19ú haois.  Mar sin, tá go leor dul chun cinn déanta le 100 bliain, ach ní mór dúinn athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcur chuige atá againn i leith na Gaeilge.  Is chuige sin an Ráiteas seo.

Ar fhaitíos na míthuisceana, ba mhaith liom béim a chur ar an méid seo - níl éinne ag iarraidh an Béarla a dhiothú, ach an Ghaeilge a láidriú.  I mórán tíortha san Eoraip, is é an gnáthchleachtas ná go mbíonn daoine dátheangach.  Ní fheicimid cén fáth nach bhféadfadh sé a bheith amhlaidh in Éirinn agus an Béarla agus an Ghaeilge a bheith i ngnáthúsáid laethúil ar fud na tíre.  Ar ndóigh is go céimiúil a bhainfear amach an sprioc seo. 

Bunaithe ar an ráiteas seo tá sé i gceist straitéis 20 bliain a leagan amach bunaithe ar aidhmeanna an ráitis.

Déanfar na socruithe seo a leanas chun an straitéis a réiteach:

Ø Beidh ról comhairleach ag Fóram na Gaeilge i gcomhairle a chur ar an Aire maidir leis an straitéis.  Tá Fóram na Gaeilge comhdhéanta de na Rannaí Stáit ábhartha (An Roinn Oideachais agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta), eagraíochtaí a bhfuil baint lárnach acu le ceist na Gaeilge, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, TG4, Raidió na Gaeltachta agus an earnáil deonach.
Ø Ceapfar duine sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun an obair a stiúradh ó lá go lá agus tá €300,000 á chur i leataobh agam le n-íoc as costais a bhaineann le réiteach na straitéise as seo go ceann dhá bhliain. 
Ø Fostófar saineolaithe ar conradh le comhairle a chur ar an Roinn agus ar An Rialtas maidir leis an straitéis agus bainfear leas as saineolas domhanda chun an obair a chur i gcrích. 
Ø Sprioc-am dhá bhliain atá le réiteach na straitéise.
Ø Rachfar i gcomhairle leis an bpobal mar is cuí i réiteach na straitéise ó tharla go bhfuil tacaíocht an phobail don ráiteas agus don straitéis fíorthábhachtach.

Tá súil agam go bhfeicfear an ráiteas seo mar bhunchloch do pholasaí nua ar a mbunófar gníomh praiticiúil don Ghaeilge a bheas bunaithe ar chur chuige nua-aimseartha agus straitéis fhoirfe. 

CRÍOCH
---------------------------
Tá cóip den preasráiteas ar fáil ó:
Seirbhísí Eolais an Rialtais
Roinnn an Taoisigh
Teil 01 6624422

Tá Rialtas na hÉireann: Ráiteas i Leith na Gaeilge 2006 ar fáil ar www.taoiseach.ie nó ar www.pobail.ie

Tue, 19 Dec 2006 00:00:02 GMT
An Rannóg Seo