|
Béal Átha na Muice | |
|
| |
|
Tá Béal Átha na Muice suite in Oirthear Mhaigh Eo, déanann an bealach N5 go Baile Átha Cliath agus an N26 go Béal an Átha freastal air, agus tá gar-rochtain aige ar an mbealach N17 go Gaillimh/Luimneach. Tá gréasán bóithre tánaisteacha á nascadh le bailte agus sráidbhailte sa chomharsanacht. Níl Aerfort Idirnáisiúnta Chnoc Mhuire ach 6 mhíle uaidh agus tá córas iompair maith ag an mbaile, le stopanna do sheirbhísí idirchathrach go Baile Átha Cliath agus an Ghaillimh/Luimneach. Tá seirbhísí iompair áitiúla á soláthar go laethúil ag roinnt oibreoirí bus príobháideacha. Bhí Béal Átha na Muice riamh ina bhaile bisiúil tráchtála a rinne freastal ar chúlchríoch leathan tuaithe. Go traidisiúnta, ba iad comhlachtaí tráchtála, gnólachta áitiúla agus an tionscail talmhaíochta a chuir fostaíocht ar fáil. Tá an comhlacht ilnáisiúnach Meiriceánach, Baxter Sláintecare, bunaithe ar an mbaile agus tá sé ina mhórfhoinse fostaíochta áitiúla. Tá Bord Sláinte an Mheán-Iarthair i mbun Áras Attracta, áis cúraim chónaitheach agus ospidéal beag ceantair le hionad cúraim lae ar an mbaile. Tá oifig ceantair, freisin, ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i mBéal Átha na Muice, agus í freagrach as raon seirbhísí an údaráis áitiúil a sheachadadh. Déantar an-fhreastal ar an mbaile ag na seirbhísí tráchtála atá ar fáil. Tá 3 bhanc, comhar creidmheasa agus postoifig áitiúil ar an mbaile. Tá rogha maith ionad miondíola agus óstán amháin aige, freisin. Bunaíodh Cumann Tráchtála Béal Átha na Muice & a Cheantair i 2003 chun comhchothú agus comhfhorbairt a dhéanamh ar Bhéal Átha na Muice agus a chomharsanacht ar mhaithe leis an bpobal áitiúil. Choimisiúnaigh an Cumann plean forbartha, a ceapadh mar threoirphlean do thodhchaí an bhaile, agus tá clár cúig bliana á fheidhmiú anois acu chun tionscnaimh an phlean a chur i gcrích. Teagmhálacha áisiúla: http://www.swinford.mayo-ireland.ie/ Cumann Tráchtála Béal Átha na Muice & a Cheantair - Cathal Kelly, info@gatewayswinford.com | |
|
Daonra |
1,497 |
|
Fad go hAerfort Chnoc Mhuire Caisleán an Bharraigh |
6 mhíle 17 míle (25 nóim) |
|
Oideachas: Meánscolaíocht Bunscolaíocht
Tríú Leibhéal Creiseanna/Naíonraí |
Scoil Mhuire agus Phádraig - 600 Dalta Teil: 094 926 1481 S.N. Béal Átha na Muice Teil: 094 925 2055 ITGME - Caisleán an Bharraigh & Gaillimh ONÉ Gaillimh, IT Shligigh
Grúpa Tuismitheora & Tachráin |
|
| |
|
Fostaíocht Is iad na príomhfhostóirí: Baxter Healthcare atá i mBéal Átha na Muice le breis is 20 bliain agus a fhostaíonn 150 duine. Táirgeann an mhonarcha i mBéal Átha na Muice raon gaireas leighis lena n‑áirítear caitidéir agus oiriúintí duánacha. www.baxter.com Riarann Áras Attracta do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas. Fostaíonn Regal Engineering agus Ronan Furniture eatarthu 35 daoine. Gineann mionsoláthróirí seirbhísí, freisin, fostaíocht shuntasach sa cheantar. | |
|
Iompar Poiblí |
Seirbhís idirchathrach Bhus Éireann chuig na mórbhailte. Cuireann an córas taistil áitiúil agus oibreoirí príobháideacha seirbhísí laethúla ar fáil. Tá Béal Átha na Muice ar Bhealach Iarnróid an Iarthair. |
|
Spóirt & Fóillíocht/Caidreamh & Cultúr |
Rochtain ar Abhainn na Muaidhe le haghaidh iascaireachta bradáin. Cumann Slatiascairí, Golfchúrsa Club CLG , Club Sacair, Liathróid láimhe, Club Leadóige, Grúpa Ilsiamsa, Club Garraíodóireachta, Club Ceamara, Leabharlann, Oidhreacht agus Feirm Téama Hennigan. Tá páirc nua áiseanna á forbairt ar an mbaile. |
|
Óstán/Áiseanna Comhdhála |
Óstán Gateway, R-phost info@gatewayswinford.com |
|
Sláinte |
Ospidéal Áras Attracta Ospidéal Ceantair (téarnamh) Tá Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, 17 míle (25 nóim) ó Bhéal Átha na Muice. |
|
| |
|
Tithíocht |
|
|
Treoir Chostais : Teach leathscoite 3 sheomra leapa : € 170,000 Teach leathscoite 4 sheomra leapa : €180,000 Teach scoite 4 sheomra leapa : € 220,000 Ceantálaithe i mBéal Átha na Muice: Joe Mellett Ltd Teil: 094 9251942 láithreán gréasáin: www.iol.ie/~mellettj/ R-phost: mellettj@iol.ie | |