Tuarascáil Bhliantúil

Tuarascáil Bhliantúil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gealtachta

De bhun an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, tá ar an Roinn tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn a thabhairt don Aire agus tuairisc a thabhairt inti ar chur chun feidhme Ráiteas Straitéise na Roinne. 

Ar a bhunú i mí Meitheamh 2002 ghlac an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le freagrachtaí d'fheidhmeanna a bhain le roinnt Ranna Rialtais roimhe sin. Ina measc tá feidhmeanna an iar Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileáin maidir leis an Ghaeltacht, na hOileáin amach ón gCósta agus an Ghaeilge.

Is féidir cóipeanna de thuarascálacha bliantúla na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fháil trí theagmháil leis an Rannán Forbartha Chorparáidí (teil: 01-647 3216 / 647 3211) nó trí ríomhphost a sheoladh chuig custserve@pobail.ie.

An Rannóg Seo