Ag Tithe an Rialtais inniu, lainseáil John Curran TD, an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Gnóthaí Pobail agus Comhtháthú, an Paca Gníomhaíochta Localise do Scoileanna, eolaí a d’fhorbair Cór Síochána Localise do mheánscoileanna d’fhonn an chéad Chlár Foghlama in Éirinn de chuid na Seirbhíse Pobail a chur i bhfeidhm. Agus é dírithe ar ranganna OSSP agus ar mhic léinn de chuid na hidirbhliana, ceanglaíonn an clár foghlaim an tseomra ranga le hobair bhríoch sa phobal agus ligeann sé do mhic léinn páirt a ghlacadh in obair theagmhálach phobail ina gcuid ceantar áitiúil féin.
Faigheann Cór Síochána Localise maoiniú ó Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Barry Andrews TD, agus triaileadh é i roinnt meánscoileanna i mBaile Átha Cliath. Féadann mic léinn páirt a ghlacadh i saghasanna éagsúla obair phobail, mar shampla obair dheonach i dteaghlaigh áitiúla altranais, tiomsú airgid agus cuairt a thabhairt ar ospidéil áitiúla, nó ionaid chúraim lae a pheinteáil agus a mhaisiú.
Láidreacht amháin de chuid an tionscnaimh is é go bhfuil na mic léinn páirteach ann ó thús deiridh; sainaithníonn siad na riachtanais laistigh dá bpobail féin, pleanálann siad tionscadail chun freastal ar na riachtanais sin, cuireann siad an obair theagmhálach i gcrích agus ansin déanann siad measúnú ar thorthaí na hoibre sin.
Ag labhairt dó ag an lainseáil, dúirt an tAire Curran:
“Tá súil agam go leanfaidh an tionscnamh seo ar aghaidh ar bhonn náisiúnta. Chonaic mé féin cuid den obair iontach a rinneadh trí chlár píolóta i mo phobal féin, mar ar chuir na mic léinn réimse tionscadal i gcrích, ina measc, cuairt a thabhairt ar dhaoine atá tinn agus aosta, oibreacha cothabhála ar thailte na heaglaise áitiúla agus airgead a thiomsú do charthanas.
“Téann an clár chun sochair gach duine atá páirteach ann. Bíonn fíorthaithí oibre ag na mic léinn agus glacann siad páirt ina bpobal féin. Éiríonn siad feasach ar rudaí is féidir a dhéanamh d’fhonn an pobal a fheabhsú do gach cónaitheach, agus tugtar deis dóibh a fheiceáil gur féidir leo tionchar mór dearfach a bheith acu ar shaoil na ndaoine atá thart orthu trína roghanna agus a ngníomhartha féin. Tá mé cinnte go spreagfaidh taithí an chláir seo cuid mhaith de na mic léinn atá páirteach ann leanúint ar aghaidh le bheith páirteach sa phobal nó le gníomhaíocht dheonach níos moille sa saol. Tréaslaím le hiarrachtaí na mac léinn a ghlac páirt cheana féin i gClár Foghlama na Seirbhíse Pobail do Scoileanna, agus gríosaím do scoileanna ar fud na tíre úsáíd a bhaint as an bpaca gníomhaíochta agus fíordhifríocht a dhéanamh dá bpobail áitiúla.”
Tá grianghraf ar fáil ón bPreasoifig, 01 6473130 / eolas@pobail.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chlár Foghlama Localise de chuid na Seirbhíse Pobail, dean teagmháil le do thoil le info@localise.ie nó tabhair cuairt ar www.localise.ie