01.05.09 Tugann Ó Cuív cuireadh do gach duine teacht ar shiúlóid a rinne Naomh Pádraig fadó ar mhaithe le cúnamh a thabhairt do charthanas san tSaimbia

Cuireann Éamon Ó Cuív, TD, an tAire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, fáilte roimh gach aon duine teacht ag siúl in éineacht leis ar shiúlóid 10km Dé Domhnaigh, 3 Bealtaine 2009, i gCorr an Móna, Co. na Gaillimhe.  Osclóidh sé Siúlóid Bhinn Shléibhe go hoifigiúil, ar seanbhóthar é idir Corr na Móna agus an Fhairche a d’úsáid Naomh Pádraig féin de réir na bhfínscéalta.  Rinneadh an tsiúlóid a athchóiriú trí chomharchumann forbartha an phobail áitiúil, C.D.S. Teoranta, le maoiniú ón Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Fáilte Éireann agus FÁS.  Cuireadh tús le hobair in 2002 agus sholáthair an tionscadal fostaíocht do líon mór daoine faoi scéimeanna éagsúla, lena n-áirítear FÁS agus an Scéim Sóisialta Tuaithe.

Tosóidh an tsiúlóid ag 2 i.n. ag Áras Pobail Chorr na Móna, an t-ionad pobail, agus beidh go leor comharthaí ar gach bealach a bhaineann léi. Tá sé oiriúnach do gach uile aois agus is féidir é a dhéanamh laistigh de dhá uair an chloig.  Beidh siamsaíocht don chlann go léir ar fud an bhealaigh, lena n-áirítear ceol, rinceoirí agus taispeántais fabhcán, lomadh caorach, sníomh ola agus ceardaíocht eile.  Gheobhaidh rannpháirtithe sólaistí agus teastais nuair a chríochnóidh siad an tsiúlóid. 

Beidh na himeachtaí go léir a reáchtálfar ar an lá saor in aisce.  Úsáidfear aon tabhartais chun cabhrú le Tionscadal Tithíochta na Saimbia (Zambia Housing Project), carthanas áitiúil a bunaíodh in 2007 chun tithe a thogáil do theaglaigh gan dídean agus leanaí sráide in Kitwe, an tSaimbia.  Taistealaíonn oibrithe deonacha chuig an tSaimbia ar a gcostas féin agus oibríonn siad taobh leis na daoine áitiúla ar thógáil tithe do na daoine leochaileacha. Beidh roinnt de na hoibrithe deonacha ag glacadh páirte sna himeachtaí a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh agus beidh siad ar fáil chun cuntas a thabhairt faoin taithí a fuair siad sa tSaimbia.  Tá dhá theach déag críochnaithe, tá dhá theach déag eile á dtógáil agus cuireadh dhá láithreán eile is fiche ar leataobh le haghaidh breisoibreacha tógála.

Dúirt an tAire Ó Cuív:
“B’fhéidir go bhfuilimse claonta, ach is siúlóid thar a bheith álainn í seo lena mbaineann roinnt de na radharcanna is áille sa tír. Rathaím go dtiocfaidh duine ar bith a thugann cuairt ar an gceantar den chéad uair Dé Domhnaigh seo chugainn ar ais arís amach anseo.  Chomh maith le taitneamh a bhaint as an tsiúlóid féin, beidh an-lá againn mar thoradh ar na gníomhaíochtaí breise agus an tsiamsaíocht.  Táim ag tnúth chomh maith le caint leis na hoibrithe deonacha ó Thionscadal Tithíochta na Saimbia Dé Domhnaigh. Tá an-iarracht déanta ag an bpobal go léir anseo maidir le tacaíocht a thabhairt don obair fhiúntach seo.”

An Rannóg Seo