24.04.09 Fógraíonn an Ó Cuív clar imeachtaí comórtha i gcuimhne agus in onóir na ndaoine uile a d’fhulaing caillteanas agus léirscrios le linn an Ghorta Mhóir

D’fhógair Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, clár imeachtaí inniu, le titim amach i mí na Bealtaine 2009, d’fhonn an 1.5 milliún duine, a cailleadh nó a chuaigh ar eisimirce as Éirinn le linn an Ghorta Mhóir sna 1840í a chomóradh agus a onórú.

Tosóidh an clár comórtha i gCeanada ar 10ú Bealtaine 2009, nuair a nochtfaidh an tAire Ó Cuív plaic, thar ceann Rialtas na hÉireann, ag Grosse Ile in aice le Cathair Québec, chun an 7,000 fear, ban, agus páistí Éireannacha atá curtha ansin a chomóradh.  Stáisiún coraintín ab ea Grosse Ile le linn an Ghorta Mhóir, agus thug muintir na háite ‘L’Ile des Irlandais’ - Oileán na nGael - air. Le linn a chuairte go Ceanada, cuirfidh an tAire Ó Cuiv, bláthfhleasc síos freisin in Ireland Park, Toronto, in ómós do na heisimircigh Éireannacha a thuirling in Toronto i rith an Ghorta Mhóir agus tabharfaidh sé spreagaitheasc ag Ollscoil Toronto ar iarmhairt agus ar oidhreacht an Ghorta Mhóir.

Ag leanúint ar na himeachtaí comórtha i gCeanada, beidh an tAire Ó Cuív ina ionadaí don Rialtas ar 17ú Bealtaine 2009, Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, sa Sciobairín, Co. Chorcaí, ag searmanas maorga sollúnta le comóradh a dhéanamh orthu siúd uile a d’fhulaing caillteanas le linn an Ghorta Mhóir; cailliúint beatha, cailliúint teaghlaigh, cailliúint baile agus cailliúint tíre. Tosóidh an t-imeacht sa Sciobairín, Co. Chorcaí le searmanas i bPáirc Uí Dhonnabháin Rossa, ag críochnú leis an bpríomh-imeacht foirmiúil searmanach, searmanas bhratach an Stáit agus searmanas chur síos na bláthfhleisce, ag Reilig Mhainistir na Sruthrach, mar a bhfuil idir 8,000 agus 10,000 íospartach de chuid an Ghorta Mhóir curtha in olluaigh.

Mar aon leis na himeachtaí sa Sciobairín ar 17ú Bealtaine 2009, scríobh an tAire Ó Cuív chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil ag iarraidh ar an bhfoireann agus ar na daltaí nóiméad machnaimh ciúin a choimeád ag meán lae Dé hAoine 15ú Bealtaine, i gcuimhne na ndaoine uile a d’fhulaing caillteanas le linn an Ghorta Mhóir agus cuimhneofar orthu siúd sa domhan a fhulaingíonn gorta agus ocras fós. D’iarr sé freisin go gcoimeádfadh gach imeacht poiblí agus spóirt nóiméad ciúnais ar 17ú Bealtaine 2009.

Ag fógairt dó na n-imeachtaí comórtha do Bhealtaine 2009, dúirt an tAire Ó Cuív, “Tá ríméad orm gur eagraigh Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir clár imeachtaí chomh maorga agus chomh cuí sin do Bhealtaine 2009, ina n-onóir siúd a fuair bás agus a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir.

Imeacht bunathraithe ab ea an Gorta Mór in Éirinn agus is dócha nach bhfuil aon imeacht eile inár stair is féidir a chur i gcomparáid leis maidir lena iarmhairt láithreach nó lena oidhreacht.  Tá mé ag dúil go mór le bheith i m’ionadaí don Rialtas ag na himeachtaí comórtha i gCeanada agus sa Sciobairín i mí na Bealtaine, dhá áit a ndeachaigh Gorta Mór na hÉireann go mór i gcion orthu.”

An Rannóg Seo