21.04.09 93% de dhaoine dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge

Is mian le 93% de na daoine sin a ghlac páirt i suirbhé náisiúnta go n-athbheofaí nó go gcaomhnófaí an Ghaeilge, de réir tuarascála a sheol an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, inniu.  Is é The Irish Language and the Irish People leis an Athair Mícheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan an tríú tuarascáil ar mheonta maidir leis an nGaeilge, inniúlacht sa Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge thar thréimhse 34 bliain.  Thug an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta faoi obair allamuigh in 2007 agus 2008 don suirbhé reatha. 

Le linn imscrúdú a dhéanamh ar inniúlacht ghinearálta sa teanga, iarradh ar na daoine sin a ndearnadh suirbhé orthu a leibhéal féin Gaeilge a rátáil ar scála lenar bhain raon idir líofa agus gan aon Ghaeilge ar chor ar bith.  Toradh suntasach den tuarascáil agus cúis díomá ab ea gur chuir 47% de fhreagróirí a rugadh in Éirinn in iúl go raibh siad réasúnta inniúil agus níor chuir ach 23% acu in iúl gur úsáid siad an Ghaeilge go rialta.

Aithnítear sa tuarascáil na dúshláin atá os comhair na Gaeilge, bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé, agus déantar moltaí ann maidir leis an nGaeilge a fhorbairt agus a threisiú i réimsí éagsúla den saol laethúil, lena n-áirítear oideachas, seirbhísí poiblí, eagraíochtaí deonacha teanga agus cultúrtha agus na meáin chumarsáide.

Dúirt an tAire Ó Cuív:
“Ní chuirfidh roinnt de na torthaí sa tuarascáil seo ionadh ar aon duine a phléann leis an nGaeilge mar chuid dá saol gach lá.   Is é an rud is suntasaí a bhaineann leis seo go dtugann an taighde fianaise fhíorasach ar fáil dúinn chun tacú leis na roghanna a dhéanaimid sa bheartas teanga, chomh maith le léargais mhionsonraithe ar threochtaí áirithe laistigh de ghrúpaí éagsúla daoine.  Cabhraíonn taighde cosúil leis seo linn chun tionscnaimh agus bearta beartais a spriocdhíriú ar bhealach níos éifeachtaí, agus imscrúdú á dhéanamh againn ar thorthaí a bhaineann le haoisghrúpaí éagsúla, mar shampla.

“I rith na fiche bliain ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach, tá comhdhéanamh shochaí na hÉireann athraithe go mór.  Is tír i bhfad níos éagsúla anois í Éire ó thaobh cultúir agus beogachta de i gcomparáid le hÉirinn 20 bliain ó shin, agus thart ar 13% dár ndaonra déanta suas de náisiúnaigh nár rugadh in Éirinn iad.  Ceann de na torthaí a mheasaimse go pearsanta a bheith an-suntasach is ea nach bhfuil aon difríocht sa dearcadh idir sampla den daonra iomlán agus sampla díobh sin amháin a rugadh in Éirinn maidir leis an meon fíordhearfach a léirítear faoin nGaeilge.  Tá sé feicthe agam ó mo thaithí féin, go mbíonn imircigh a gcuireann fúthu anseo in Éirinn oscailte agus dearfach faoin nGaeilge go ginearálta, agus déanann an-chuid acu iarracht chun an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe má tá leanaí ar scoil anseo acu.  Bíonn dhá theanga nó níos mó ag an gcuid is mó de na náisiúnaigh nár rugadh in Éirinn agus a thagann chuig Éirinn agus tuigeann siad na tairbhí a bhaineann le níos mó ná teanga amháin a bheith ag daoine.  Táim sásta go bhfuil an fhianaise staitisticiúil againn anois chun é sin a aithint.

“Is cuid bhunúsach í teanga den aitheantas aonair agus náisiúnta.  Múnlaíonn sí an modh a smaoinímid, an modh a dhéanaimid cumarsáid agus conas a fheicimid muid féin agus an áit atá againn féin ar an domhan.  Tá an íomhá a bhain leis an nGaeilge mar theanga na mbocht athraithe go hiomlán.  Mar a léiríonn an tuarascáil, chuirfeadh 84.4% den daonra fáilte roimh dhuine le Gaeilge mar bhall den teaghlach.  Is féidir leis an nGaeilge idirdhealuithe cosúil le haicme shóisialta, nó aois, nó eitneachas a shárú.  Is féidir léi daoine a thabhairt le chéile agus cuireann sí bunús coiteann agus mothú gaoil ar fáil dúinn de réir mar a leanaimid ar aghaidh ag forbairt mar thír.”

An Rannóg Seo