18.04.09 Scéim Labhairt na Gaeilge 2007/2008

Tá figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2007/08 foilsithe anois ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD.

Rinne 3,455 teaghlach iarratas ar dheontas faoin Scéim don scoilbhliain - laghdú beag de 90 teaghlach ar an líon a rinne iarratas faoin Scéim i 2006/07.

De na hiarratais atá scrúdaithe go dtí seo – tá 88 iarratais le scrúdú fós - bhí titim bheag ar an líon a thuill deontas i gcomórtas leis an líon a thuill deontas don scoilbhliain 2006/07 agus ardú beag ar an lion a diúltaíodh an deontas dóibh.

“Is comhartha dóchais é  do thodhchaí na Gaeltachta gur éirigh le formhór mór na 3,455 teaghlach a rinne iarratas faoi Séim Labhairt na Gaeilge deontas a fháil. Cruthaíonn sé seo go bhfuil léar mhór daoine óga sa Ghaeltacht atá báúil don teanga agus í acu go líofa,” a dúirt an tAire Ó Cuív.

Gaeltacht Iarratais Deontas iomlán Deontas laghdaithe Diúltaithe Le scrúdú fós
Corcaí 176  73   78   24 
Ciarraí 366  184  145  34 
Dún na nGall 1187  721  357  87  22 
Gaillimh 1294  1032  161  65  36 
Maigh Eo 295  47  101  123 24 
An Mhí 72  37  17  16  
Port Láirge 65   34  28 
IOMLÁN  3455  2128  887  352  88 

Tá briseadh síos sonraithe (de réir toghroinn cheantair) ar fáil ón Oifig Eolais, 01 6473104 / eolas@pobail.ie.

An Rannóg Seo