22.02.08 Osclaíonn Ó Cuív Tóstal na Gaeilge

Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge i nGaillimh anocht, dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D.:

“Tá Ráiteas an Rialtais i Leith na Gaeilge mar ábhar don phlé a bheas ar bun ag Tóstal na Gaeilge i mbliana. Is é “Fíorú na Físe” atá mar “scáth-théama” ag an Tóstal. Ar an mbunús sin, ba mhaith liom ar dtús báire cuid de na hábhair atá clúdaithe sa Ráiteas sin a chur i gcuimhne daoibh anseo anocht. Anuas ar an ngealltanas go seasfar leis an stádas bunreachtúil agus reachtúil atá ag an nGaeilge, tá míreanna suntasacha sa Ráiteas atá praiticiúil agus físiúil maidir leis an nGaeilge mar theanga labhartha pobail, faoin Ghaeilge sa chóras oideachais agus faoi áit ar leith na Gaeltachta.

“Creideann na páirtithe uile sa Rialtas seo go bhfuil ríthábhacht ag baint le pobal láidir labhartha Gaeilge a chothú chun saibhreas oidhreachta agus críonnacht saoil na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.

“Creideann an Rialtas seo, dá mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ar oileán na hÉireann faoi cheann 20 bliain, agus 2 mhilliún duine le heolas ar an nGaeilge, go mbeadh an taoide casta. D’fhéadfaimis a bheith ag súil ansin go mbeadh an bunphobal a labhraíonn Gaeilge go laethúil sách láidir is gur fás amháin a bheadh i ndán don teanga. 

“Ag deireadh an lae, is rogha don phobal í Gaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Tá dúshláin roimh an Stát cabhrú leis an bpobal ar bhealach cuimsitheach chun úsáid na teanga a leathnú agus tá Ráiteas an Rialtais i Leith na Gaeilge mar bhunchloch don obair sin. Ach ní féidir leis an Stát gach uile rud a dhéanamh. Má dhéanann pobal na Gaeilge agus pobail na Gaeltachta an rogha laethúil gach lá Gaeilge a labhairt lena chéile agus lena gcuid páistí cuirfear fuinneamh aisteach fúithi. Má oibríonn muid uile le chéile sa treo seo, is féidir linn an ‘fhís a fhíorú.’”

Wed, 27 Feb 2008 00:00:25 GMT
An Rannóg Seo