Tá figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2006/07 foilsithe anois ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Rinne 3,470 teaghlach iarratas ar dheontas faoin scéim don scoilbhliain sin - laghdú beag de 29 teaghlach ar an líon a rinne iarratas faoin scéim in 2005/06.
As na hiarratais atá scrúdaithe go dtí seo - tá 92 iarratas le scrúdú fós - bhí titim de 70 teaghlach ó anuraidh ar an líon a thuill an deontas iomlán. Meastar nach mbeidh mórán de dhifríocht san iomlán ó fhigiúiri 2005/06 nuair a bheidh na hiarratais ar fad scrúdaithe. Tá ardú de theaghlach amháin ar an líon a thuill an deontas laghdaithe ón scoilbhliain 2005/06.
Bhí laghdú de 39 teaglach ar an líon ar diúltaíodh an deontas dóibh i gcomparáid leis an scoilbhliain 2005/06.
“Is cinnte go bhfuil an-éileamh ar an scéim seo i gcónaí agus tá ríméad orm gur éirigh le formhór mór na dteaghlach a rinne iarratas – níos mó ná 92% - deontas a thuilleamh rud a thaispeánann go bhfuil an Ghaeilge láidir go leor i measc óige na Gaeltachta i gcónaí,” a dúirt an tAire Ó Cuiv agus é ag fógairt na dtorthaí.