Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., tar éis an chéad scéim teanga de chuid Óglaigh na hÉireann a dheimhniú faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Is céim bhreise i seo chun seirbhísí a sholáthar do lucht labhartha na Gaeilge. Cuireann sé tús leis an bpróiséis chun na seirbhísí beachta trí Ghaeilge a bheidh ar fáil ó Óglaigh na hÉireann ar feadh tréimhse trí bliana agus leagan sé síos an bunús ar a dtógfar na seirbhísí sin thar roinnt scéimeanna.
Áirítear leis na príomh-bhearta sa scéim:
Mar b’amhlaidh le scéimeanna aontaithe eile, caithfear a admháil gur próiseas fadtéarmach é seo a cheadóidh d’fheabhsúchán um sheirbhísí ar bhealach aontaithe, pleanáilte thar tréimhse níos faide. Tá gach scéim a aontaíodh agus a foilsíodh ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga ag www.coimisneir.ie. Tháinig an scéim seo i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2006, agus beidh éifeacht léi ar feadh thréimhse 3 bliana.
Wed, 11 Oct 2006 00:00:17 BST