Tá fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., go bhfuil suim €159,000 ceadaithe aige do Chomhlacht Forbartha na nDéise chun cuidiú leo plean teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm thar tréimhse 3 bliana i nGaeltacht na nDéise. Beidh an tionscnamh pleanála teanga seo gur fiú €53,000 in aghaidh na bliana é (thar 3 bliana) dírithe ar an nGaeilge a threisiú mar theanga labhartha phobail agus teaghlaigh i nGaeltacht na Rinne agus An tSeanphobail.
“Tá tacaíocht láidir ann don Ghaeilge i measc an phobail i nGaeltacht na nDéise ach tá sí faoi bhrú nach beag ar an oiread sin athruithe i gcúrsaí lonnaíochta sa cheantar le tamall de bhlianta anuas. Cuideoidh an t-allúntas atá á fhógairt inniu lena chinntiú go mbeidh ar chumas Comhlacht Forbartha na nDéise i gcomhar le Coiste Gaeilge 2010 beartais phraiticiúla a chur sa tsiúl a bheidh mar aidhm acu stádas na Gaeilge a threisiú i gcomhpháirtíocht le pobal an dá pharóiste,” a dúirt an tAire Ó Cuív.
Dúirt an tAire go bhfuil sé riachtanach go mbeidh ionchur ag pobal na Gaeltachta sna pleananna, sna gníomhaíochtaí agus sna polasaithe caomhnaithe agus leathnaithe teanga a chruthófar agus a fheidhmeofar. “Ní mór do na pobail Gaeltachta ceannródaíocht a ghlacadh as forbairt chomhtháite a gceantair féin agus caithfidh buanú na Gaeilge a bheith lárnach le gach gné den fhorbairt sin” a dúirt an tAire.
Is é seo a 7ú togra pleanála teanga atá ceadaithe ag an Roinn ó thosaigh an tionscnamh seo i 2004 nuair a fógraíodh go raibh ciste á bhunú ina leith gurbh fhiú €1.56m é. Easraíonn an Tionscnamh Pleanála Teanga seo (atá á chur i bhfeidhm i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta) as na moltaí a rinneadh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002 maidir leis an ngá a bhí ann le próiseas pleanála teanga a fheidhmiú don Ghaeltacht.
Tue, 18 Jul 2006 00:00:49 BST