D’fháiltigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D. inniu roimh chinneadh an Aontais Eorpaigh glacadh d’aonghuth le moladh Rialtas na hÉireann go dtabharfaí stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
“Lá mór don Ghaeilge é seo, a chuireann go mór le stádas na teanga. Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ní raibh stádas oifigiúil ar bith ag an nGaeilge. Is iontach an dul chun cinn atá déanta ó shin. Tá stádas ag an nGaeilge mar an chéad teanga oifigiúil den Stát ó 1937 i leith. Le deich mbliana anuas, tá dul chun cinn iontach déanta le tógáil ar an stádas sin, tríd an Acht Teanga, Comhaontú Aoine an Chéasta agus anois, le barrslacht a chuir ar chúrsaí, stádas oifigiúil agus oibre ag leibhéal Eorpach.”
Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Dúirt an tAire gur dúshlán an cinneadh seo anois do phobal na Gaeilge úsáid a bhaint as an stádas nua atá bainte amach don Ghaeilge. Dúirt sé gur dúshlán chomh maith é don Rialtas agus do na heagraíochtaí Gaeilge agus institiúidí oideachais a chinntiú go mbeidh a ndóthain daoine ard-cháilithe ann chun freastal ar na riachtanais a bhaineann leis an stádas nua.
Nóta d’eagarthóirí:
Chuir an Rialtas moladh faoi bhráid ar an 24 Samhain seo caite sa Bhruiséil ag iarraidh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Go dtí seo tugadh stádas mar theanga chonartha don Ghaeilge. Tá seo amhlaidh toisc na conarthaí a bheith as Gaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge áirithe mar cheann de na teangacha ina bhfuil an téacs barántúil. Bhí aontoilíocht na mBallstáit uilig ag teastáil do mholadh seo an Rialtais. Athraíonn glacadh foirmeáilte moladh seo an Rialtais ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta agus Caidrimh Sheachtraigh stádas na Gaeilge go teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais.
Faoin moladh, aistreofar go Gaeilge roinnt áirithe eochair dlíthe an AE (iad sin atá glactha i gcomhpháirt ag an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa). Tá páirt-mhaolú – ar chúinsí praiticiúla agus ar bhonn eatramhach - ón gcleachtas a chuireann ceangal ar institiúidí an Aontais achtanna uilig an Aontais a aistriú go Gaeilge. Faoin moladh, déanfar athbhreithniú nach déanaí ná ceithre bliana tar éis glacadh an mholaidh seo ar an bhféidireacht le réimse na ndoiciméidí a aistreofar go Gaeilge a leathnú. Cuirfear teangaireacht ón nGaeilge ar fáil ag cruinnithe áirithe Airí ar iarratas. Eascróidh roinnt bhuntáistí praiticiúla eile ón gcinneadh seo lena n-áirítear an Ghaeilge a thabhairt san áireamh chun críche earcú ag na hinstitiúidí Eorpacha. Tabharfar tús feidhme don mholadh ó 1 Eanáir 2007. Le linn na h-idir-tréimhse, beifear ag cur le cumas na n-institiúidí AE na seirbhísí, a eascraíonn as moladh an Rialtais, a sholáthar.
Mon, 13 Jun 2005 00:00:05 PDT