Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais & Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha, Uasal, T.D., inniu go bhfuil naifiorón agus substaintí gaolmhara á mbreithniú lena dtabhairt faoi rialú an Achta um Mí-Úsáid Drugaí. Tagann an fógra seo sna sála ar rialuithe den sórt a tugadh isteach sa Ríocht Aontaithe ar an 23 Iúil.
Dúirt an tAire Ó Ciardha: "Tugadh grúpa saineolaithe le chéile agus tá siad ag comhoibriú leis an Roinn Sláinte agus Leanaí ar shainmhínithe cineálacha féideartha chun raon breise substaintí, lena n-áirítear substaintí nua féideartha, a thabhairt faoi rialú na nAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí. Tá an cur chuige atá in úsáid sa Ríocht Aontaithe agus ar fud na hEorpa á scrúdú ag an ngrúpa seo. Beartaítear rialuithe a thabhairt isteach amach anseo i gcomhair substaintí sícighníomhacha eile.”