Tá sé ráite ag an Aire John Curran T.D., Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá freagrach as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, le comhdháil ar Headshops agus “legal highs” go bhfuil sé ag comhordú freagairt an Rialtais ar fud Ranna éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis an bhfás atá tagtha ar Headshops. Mhaoinigh Oifig an Aire do Dhrugaí an chomhdháil, a d’eagraigh Tascfhórsaí Drugaí Réigiúnacha ar fud na tíre agus reáchtáladh í sa Mhuileann gCearr.
“Chuir mé mo chuid imní in iúl faoi ghníomhaíochtaí na Headshops, agus faoi na substaintí a léiríodh mar “legal highs” ar go leor ócáidí ó ceapadh mé mar Aire” a dúirt sé.
Lean an tAire Curran ar aghaidh agus dúirt “Tá mo chuid imní maidir le substaintí atá léirithe mar “legal highs” nó “highs luibheanna” bunaithe ar an gcontúirt a d’fhéadfadh a bheith ann don sláinte ó úsáid na dtáirgí sin agus an chontúirt go leanfadh úsáid drugaí neamhdhleathacha as a n-úsáid. Chomh maith leis sin, i bhfianaise cosc a bheith curtha ar roinnt substaintí (agus grúpaí substaintí) sa Ríocht Aontaithe i mí na Nollag, tá imní orm go dtosófaí ag ‘dumpáil’ cuid de na táirgí atá i gceist anseo.”
“Tugadh suntas d’fhairsingiú Headshops agus ‘legal highs’ a bheith ar fáil sa Straitéis Náisiúnta Drugaí de bharr na nithe sin” a dúirt an tAire.
“Mar a foráladh faoin Straitéis Náisiúnta Drugaí, bhí roinnt cruinnithe agam ag deireadh 2009 leis na hAirí Sláinte agus Leanaí, Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus Oideachais agus Eolaíochta” a dúirt an tAire Curran. “Bhuail mé le Coimisinéir an Gharda Síochána agus le hoifigigh shinsearacha na Ranna agus na nOifigí éagsúla chomh maith. Bhí ceist na Headshops agus díol “legal highs” i measc na gceisteanna a pléadh ag na cruinnithe seo agus moladh cuir chuigí éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí na Headshops”.
“Ag teacht leis an gcur chuige comhordaithe a atáthar a úsáid, d’iarr mé ar an Aire Sláinte agus Leanaí, Mary Harney T.D., atá freagrach as allmhairiú, onnmhairiú, táirgeadh, soláthar agus sealbhú raon de dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha ainmnithe faoi na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí a chinntiú go ndéantar gach iarracht freagairt don cheist seo a bhrostú trí shubstaintí faoin Acht sin a rialú go luath agus tá súil agam go bhféadfar céimeanna a ghlacadh chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis sin chomh luath agus is féidir”. D’ardaigh mé saincheisteanna chomh maith maidir le hárachas agus cosaint do thomhaltóirí leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, chomh maith le saincheisteanna pleanála leis na Ranna Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil”.
“Fáiltím roimh an tionscnamh a ndeachaigh Tascfhórsaí Drugaí Réigiúnacha ina bhun ó thaobh chomhdháil an lae inniu a eagrú, ag léiriú gan amhras an méid imní atá ann faoi láthair faoin gceist go náisiúnta agus ar fud na hEorpa go deimhin. Tá tionscnaimh den sórt seo úsáideach ionas go bhféadfar anailís a dhéanamh ar na saincheisteanna atá go fírinneach ann faoi láthair agus go n-aimseofar réitigh is féidir a oibriú” a dúirt an tAire Curran, a thug aitheantas don obair a rinne Antoinette Kinsella, Comhordaitheoir Tascfhórsa Réigiúnach na nDrugaí do Lár Tíre, maidir leis sin, agus comhaltaí agus foireann an Tascfhórsa Drugaí ar fad.
“Tá na Headshops agus na “legal highs” ar na ceisteanna i réimse na ndrugaí atá mar mhórchúis imní agam. Is cinnte go bhfuilim tiomanta go hiomlán d’fhreagairtí cuí a bhaint amach chun dul i ngleic leis na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann” a dúirt an tAire mar fhocal scoir.
Nóta chuig an Eagarthóir
Clúdaíonn Gníomhartha 14 agus 15 den Straitéis sin (i) monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Headshopsagus na ngnólachtaí atá rannpháirteach i ndíol na substaintí sícighníomhacha, (ii) a chinntiú go nglacfar céimeanna chun reachtaíocht a athchóiriú maidir leis sin nuair a mheasfar sin a bheith cuí agus (iii) reachtaíocht a bhaineann le drugaí a choinneáil faoi athbhreithniú leanúnach, le fócas ar leith ar shubstaintí sintéiseacha nua, úsáidí nua nó úsáidí athraithe de shubstaintí sícighníomhacha, agus in aghaidh chúlra taithí idirnáisiúnta agus sárchleachtais níos leithne san AE.