03.11.09 “Tá rannpháirtíocht an phobail agus úinéireacht áitiúil ina ngnéithe lárnacha de Chlár RAPID” - Ó Cuív

Tráthnóna inné, Dé Luain, an 2 Samhain 2009, thionóil Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cruinniú poiblí i mBéal an Átha faoin gClár RAPID.  Cuireadh Béal an Átha agus ceithre bhaile eile (an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí; Dún Garbhán, Co. Phort Láirge; Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; agus Ráth Caola, Co. Luimnigh) san áireamh i gClár RAPID le déanaí.  Tionscnamh dírithe Rialtais é RAPID (Revitalising Areas by Planning, Investment and Development) a dhíríonn isteach ar na 51 ceantar is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír.

Mhínigh an tAire Ó Cuív conas a oibríonn an Clár RAPID agus thug sé breac-chuntas ar na torthaí agus na buntáistí a bhaineann leis an tionscnaimh, lena n-áirítear:

Dúirt an tAire Ó Cuív:
“Tá an Rialtas seo chomh tiomanta is a bhí riamh do thacaíocht a thabhairt do na daoine sin is mó a mbíonn sí ag teastáil uathu, dóibh siúd is mó atá i mbaol agus dóibh siúd is mó atá scoite amach go sóisialta i bpobail na tíre seo.  Is tosaíocht í seo.  Leanfaidh muid le dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta ar an t-aon bhealach a oibríonn sa bhfadtéarma: gníomh dearfach agus rannpháirteachas láidir ón bpobal.  Tá bóthar fada amach romhainn.  Níl sé ceart nach féidir le gasúir, atá ag fás aníos i gceantair áirithe sa tír seo, bheith ag súil an leibhéal céanna oideachais a bhaint amach, nó na deiseanna céanna fostaíochta a bheith ar fáíl dóibh, le gasúir ar an aois chéanna leo atá ina gcónaí i gceantair eile.  Leanfaidh muid ar aghaidh lenár n-iarrachtaí comdheiseanna a bhaint amach dár gcuid gasúr ar fad.”

Tionólfaidh an tAire cruinnithe poiblí eile cosúil leis an gceann sin sna ceithre bhaile eile a cuireadh san áireamh le déanaí i RAPID.  Is é seo a leanas sceideal na gcruinnithe:

Dún Garbháin, Co. Phort Láirge    Dé Sathairn  21 Samhain, 2.00i.n. Ionad le deimhniú
Inis Córthaidh, Co. Loch Garman   Dé Sathairn 21 Samhain, 6.30i.n. Ionad le deimhniú
An Muileann gCearr, Co. na hIar Mhí Déardaoin 3 Nollaig, 8.00i.n. Ionad le deimhniú
Ráth Caola, Co. Luimnigh   Dé hAoine 11 Nollaig, 4.00i.n. Ionad le deimhniú

An Rannóg Seo