Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil breismhaoiniú CLÁR ar fiú €119,556 é leithdháilte aige do ghrúpscéim uisce An Chéis (TC Droim Raite, Tuaim Fhobhair, Teampall an Mhanaigh) i gCo. Shligigh.
Ciallaíonn sé sin go mbeifear in ann oibreacha ar luach €876,288 a chur i gcrích. Íocfaidh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, chomh maith le ranníocaíocht ó bhaill an Ghrúpa, as an gcuid eile. Bainfidh 154 teaghlach ar fad leas as an scéim agus sábhálfaidh siad €776.34 an teaghlach.
Fri, 18 Apr 2008 16:30:14 BST