Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil maoiniú CLÁR ar luach €122,000 ceadaithe aige do 4 scéim bheag séarachais nó soláthair uisce poiblí i limistéir CLÁR i gContae Chiarraí.
Is iad seo a leanas na leithdháiltí:
Fágann seo go bhfuil maoiniú CLÁR ceadaithe do 52 scéim bheag uisce poiblí agus séarachais i gContae Chiarraí faoin scéim seo ó 2002 go dtí seo. Beifear ábalta oibreacha ar fiú €244,000 iad a chur i gcrích.
Tá maoiniú reatha CLÁR do scéim bheag uisce agus séarachais phoiblí i limistéar CLÁR mar seo a leanas:
Ciallóidh seo go mbeifear ábalta go leor scéimeanna beaga uisce agus séarachais poiblí a fhorbairt faoin gclár i mbailte agus i sráidbhailte beaga i limistéir CLÁR.
Wed, 16 Apr 2008 16:30:09 BST