08.04.08 Fógraíonn Ó Cuív beagnach €730,000 de mhaoiniú CLÁR le haghaidh Scéimeanna Beaga Uisce agus Séarachais Phoiblí i gCo. Chorcaí

Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil maoiniú CLÁR ar luach €729,969 ceadaithe aige do 11 scéim bheag séarachais nó soláthair uisce poiblí i limistéir CLÁR i gContae Chorcaí.

Is iad seo a leanas na leithdháiltí:

Fágann seo go bhfuil maoiniú CLÁR ceadaithe do 41 scéim bheag uisce poiblí agus séarachais i gContae Chorcaí faoin scéim seo ó 2002 go dtí seo.  Beifear ábalta oibreacha ar fiú €1,459,940 iad a chur i gcrích.

Tá maoiniú reatha CLÁR do scéim bheag uisce agus séarachais phoiblí i limistéar CLÁR mar seo a leanas:

Ciallóidh seo go mbeifear ábalta go leor scéimeanna beaga uisce agus séarachais poiblí a fhorbairt faoin gclár i mbailte agus i sráidbhailte beaga i limistéir CLÁR.

Wed, 16 Apr 2008 16:30:49 BST
An Rannóg Seo