Seolfaidh Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Clár Gaeilge Fulbright 2008-2011 i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an Aoine, 4 Aibreán 2008, ag Coláiste Lehman, City University of New York, an Bronx.
Tabharfaidh deontas €660,000 thar thrí bliana, ó Chiste Gaeilge na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, deis don Choimisiún Fulbright in Éirinn a chuid Gradaim Ghaeilge a leathnú chun dul i ngleic leis an méadú atá tagtha i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an líon daoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim agus a theagasc. Cuireann Clár Gaeilge Fulbright gradaim ar fáil do scoláirí agus do chúntóirí teagaisc Gaeilge chun an teanga a mhúineadh i gcoláistí agus in ollscoileanna a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil sna Stáit Aontaithe. Tá cúrsaí ag gach leibhéal – ó leibhéal tosaitheoirí go cúrsaí céime – á ndéanamh ag Meiriceánaigh den uile chineál cúlra cultúrtha agus eitneach.
Dar leis an Aire Ó Cuív,
“Le linn bhlianta an Tíogair Cheiltigh mhéadaigh tionchar eacnamaíoch na hÉireann ar an domhan mór; chomh maith leis sin, tá athbheochan tarlaithe do chultúr na hÉireann go hidirnáisiúnta. Tá baint nach beag aige seo leis na naisc atá cothaithe idir Éirinn agus thart ar 50 ollscoil agus institiúid tríú leibhéal ar fud an domhain a mhúineann Gaeilge agus an Léann Ceilteach, agus an maoiniú a cuireadh ar fáil don obair seo. Cuirim fáilte roimh an gcomhoibriú leanúnach le Coimisiún Fulbright, a dhaingníonn na naisc a bhí láidir i gcónaí idir an dá thír agus a thógann ar thionsncaimh an dá Uachtarán – John F. Kennedy agus Éamon de Valera, a bhunaigh Fondúireacht Mheiriceá na hÉireann nuair a thug Kennedy cuairt ar Éirinn i 1963.”
Ag labhairt dó maidir le beartas an Rialtais i leith na Gaeilge, dúirt an tAire Ó Cuív:
“Cuirtear ceist orm go minic céard í an aidhm atá agam. Creidim go pearsanta má tá 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge ar bhonn laethúil i gceann 20 bliain beimid tagtha thar an ngátar agus beidh pobal Gaeilge againn a bheidh sách láidir chun a chinntiú nach mbeidh i ndán don Ghaeilge ach fás as sin amach. Má bhí a ndóthain misnigh ag lucht athbheochana Chonradh na Gaeilge agus an dream a bhí ag treabhadh leo ar son na Gaeilge leathchéad bliain ó shin coinneáil léi nuair nach raibh a leath oiread dóchais ann don teanga, ní fheicim cúis ar bith eile anois, seachas easpa misnigh agus ceannasaíochta, nach bhfanfadh an Ghaeilge beo mar theanga labhartha pobail sa saol nua domhandaithe seo atá cruthaithe againn.”
Tá an Rialtas ag obair ar Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a bheidh ullmhaithe roimh dheireadh 2008. Tógann an Straitéis ar Ráiteas Beartais an Rialtais a foilsíodh i mí na Nollag 2006.
Ón bhliain acadúil 2009, cuirfidh Clár Gaeilge Fulbright gradam ar fáil do mhac léinn iarchéime as na Stáit Aontaithe chun samhradh a chaitheamh i gceantar Gaeltachta in Éirinn agus chun bliain a chaitheamh i mbun staidéir trí Ghaeilge. Tá an Institiúid Oideachais Idirnáisiúnta ag glacadh le hiarratais don ghradam seo i láthair na huaire (www.iie.org).
Ní fhéadfaí an seoladh a dhéanamh in áit níos oiriúnaigh mar go bhfuil an daonra foghlama Gaeilge is éagsúlaí i Meiriceá i gColáiste Lehman, CUNY. Is léiriú é seo ar shaibhreas ilchúltúrtha an Bronx. Is í Ailbhe Ní Ghearbhuigh Cúntóir Teagaisc Teanga Eachtrannach Fulbright 2007-2008 i gColáiste Lehman, CUNY.
Wed, 16 Apr 2008 16:30:56 BST