Tá thart ar ceathracha Ollscoil agus Coláiste tríú leibhéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i dtíortha na hEorpa agus níos faide anonn, atá gníomhach i soláthar clár Gaeilge agus Staidéir Cheiltigh laistigh dá bhforais féin agus spéis léirithe acu i bhforbairt na gclár sin. Is mar thoradh ar an gCiste Speisialta €300,000 in aghaidh na bliana a bhunaigh an tAire Ó Cuív in 2006 chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn i bhforais tríú leibhéal thar lear é seo. Tá an maoiniú seo á sholáthar trí Chiste na Gaeilge de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ciste a thacaíonn le tionscadail agus le heagraíochtaí éagsúla a bhfuil aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is é an Fulbright Commission an clár oifigiúil malartaithe cultúrtha idir Rialtas na hÉireann agus na Stáit Aontaithe, agus tá cúntóirí teagaisc teanga sa Ghaeilge ón tír seo ceaptha aige in institiuidi tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe. I mbliana (2007/2008), beidh cúntóirí teagaisc teanga ceaptha sa University of Notre Dame (Indiana), Southern Illinois University Carbondale, University of St. Thomas (Minnesota), University of New York, agus Lehman College CUNY (New York).. Tá maoiniú de suas le €80,000 á chur ar fáil do na hollscoileanna ó Chiste na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana acadúil amháin. Is é an sprioc atá ag an gClár Fulbright FLTA (Foreign Language Teaching Assistants Programme) ná teagasc na dteangacha eachtranacha a neartú i gcoláistí agus in ollscoileanna mórthimpeall na Stát Aontaithe.
Dar le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, atá ag múineadh na Gaeilge sa Bronx, Nua Eabhrac: “Is léir go bhfuil an Ghaeilge i Meirceá ag méadú ach ní Gael-Mheirceánaigh amháin atá á foghlaim. Tá Coláiste Lehman suite i gceantar Easpáinneach agus tá ag éirí leis an bhfoireann ansin daoine a mhealladh ó gach saghas cúlra i dtreo na Gaeilge. Bíonn teileachomhdháil ar siúl idir Lehman agus Queens, áit a bhfuil deichniúr ag freastal ar ranganna Gaeilge."
Dúirt an tAire Ó Cuív gur bealach maith é an scéim seo chun an Ghaeilge a chur os comhair an phobail acadúil sna Stáit Aontaithe. “Cuirfidh sé an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha eile na hEorpa atá á múineadh thar lear,” a dúirt sé. “Chomh maith leis sin, i gcás formhór na scoláirí a bhfoghlamaíonn an Ghaeilge ina dtíortha féin, leanann siad lena gcuid staidéir anseo in Éirinn. Is íontach an rud é mic léinn ó chuile áit a fheiceáil ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Leanann as an bpáirtíocht seo ceangail chairdis agus suim fadsaoil agus tuiscint ar shaibhreas teanga agus ar chultúr na tíre.”
De réir an eolais atá faighte ó Oideas Gael, Dún na nGall, tá mic léinn tagtha as go leor áiteanna ina bhfuil ceangal acu leis na hollscoileanna tríú leibhéal thar lear ar nós Milwaukee, Nua Eabhrac, Minnesota, Notre Dame agus New College, California. Tá thart ar 50% den rannpháirtíocht ar chúrsaí in Oideas Gael tagtha ó thíortha thar lear agus an spéis ag méadú; d’fhreastal breis agus 1000 mac léinn ar chúrsaí in 2006/2007, i gcomparáid le 600 in 1996/1997. Tá méadú suntasach tagtha chomh maith ar an líon freastail ar chúrsaí na n-eachtrannach a reáchtáiltear in Áras Mháirín Uí Chadhain gach samhradh. Sa bhliain 2005, d’fhreastail tríocha cúig mac léinn. I mbliana tá caoga naoi ag freastail orthu.
Chomh maith leis sin cuireadh tús le Global Gaeilge sa bhliain 2005, mar Chomórtas Idirnáisiúnta atá mar chuid de Chomórtas Ghlór na nGael Teo. Tá sé ann chun aitheantas a thabhairt do na pobail éagsúla thar lear atá ag déanamh gach iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn. Ag an bpointe seo tá grúpaí páirteach sa chomórtas as Ceanada, Meiriceá, an Spáinn, An Astráil, an Ísealtír, Lucsamburg, an Bheilg, an Ghearmáin, Sasana agus Albain
Do bhuaiteoirí Global Gaeilge cuirtear dearbhán do chúrsaí Gaeltachta ar fáil do bheirt ón gcumann agus tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil siad seo i ndiaidh filleadh ar an nGaeltacht arís ar a gconlán féin.
Chun dul i dteagmháil le FLTAs atá ag múineadh na Gaeilge thar lear, cuir glaoch le do thoil ar Marianne Doyle san Fulbright Commission ar 087 2283695.
Nóta don Eagarthóir:
Seo hiad a leanas na hinstitiúidí atá á maoiniú trí Chiste na Gaeilge faoin bhFo-Chiste d’Institiúidí Tríú Leibhéil Thar Lear:
UWM Foundation (Wisconsin University), Na Stáit Aontaithe
Humbolt-Scoil na Léinn Cheiltigh Berlin, An Ghearmáin
Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh (Lehman), Nua Eabhrach, Na Stáit Aontaithe
Universität Mannheim, An Ghearmáin
Institiud na hÉireann i bPittsburgh, Pennsylvania, Na Stáit Aontaithe
University of Oslo, An Iorua
Coláiste na nGael, Páras, An Fhrainc
University of Wales, Aberystwyth, An Bhreatain Bheag
Károli Gáspár University, Budapest, An Ungáir
University of Szeged, An Ungáir
Ionad na Léinn Éireannaigh, Univerzita Karlova, Prág, Poblacht na Seice
Cardiff University, An Bhreatain Bheag
University of Liverpool, Sasana
Philipps-Universität Marburg, An Ghearmáin
Ruhr-Universität Bochum, An Ghearmáin
Dusseldorf University, An Ghearmáin
University of Freiburg, An Ghearmáin
University of Bonn, An Ghearmáin
North American Association for Celtic Language Teachers, Ontario, Ceanada
University of St. Thomas, Texas, Na Stáit Aontaithe
University of St. Thomas, Minnesota, Na Stáit Aontaithe
Boston College, Na Stáit Aontaithe
University of Notre Dame, Indiana, Na Stáit Aontaithe
Université Rennes 2, An Bhriotáin, An Fhrainc
The Centre for Canadian Irish Studies, Concordia, Montreal, Ceanada
Glucksman Ireland House, New York University, Na Stáit Aontaithe
SKSK (Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen), An Ghearmáin
University of Montana, Missoula, Montana, Na Stáit Aontaithe
University of Cambridge, Sasana
Comhaltachtai do Mhic Léinn – Johann Kaspar Zeuss
Ollscoil Chaitliceach Lublin, An Pholainn
New College of California, Na Stáit Aontaithe
Daltaí na Gaeilge
Nova Scotia, Ceanada
Fordham University, Nua Eabhrac, Na Stáit Aontaithe
St Mary’s University College, Twickenham, Sasana
Adam Mickiewicz University, Poznan, An Pholainn
Fealsún (Teagasc Gaeilge do Thosaitheoirí), Missouri, Na Stáit Aontaithe
Úsáidtear Ciste na Gaeilge chun eagraíochtaí Gaeilge agus tionscadail ilghnéitheacha Gaeilge a mhaoiniú. Tá sé mar aidhm ag an gCiste úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá Ciste na Gaeilge dírithe ar ghrúpaí agus ar eagrais atá ag feidhmiú, go príomha, lasmuigh den Ghaeltacht. Maoinítear Ciste na Gaeilge ó fháltais an Chrannchuir Náisiúnta.