D’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., inniu go bhfuil deontas de €38.9 milliún ceadaithe aige do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun Calafort Chill Rónáin, Árainn a fhorbairt. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas na Comhairle Contae socruithe a dhéanamh chun tabhairt faoin obair gan mhoill.
Is é seo an togra is mó atá maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus tá sé á phleanáil i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe le roinnt blianta anuas. Tá oibreacha substaintiúla i gceist, ar a n-áirítear
“Tá mé thar a bheith sásta leis an aitheantas a tugadh don fhorbairt seo mar thogra straitéiseach sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013,” a dúirt an tAire Ó Cuív. “Léiríonn scála na n-oibreacha seo tábhacht na n-oileán i gcomhthéacs naisiúnta.”
Is é Árainn an t-oileán is mó a bhfuil cónaí air, le 824 duine ina chónaí air de réir Daonáireamh 2006. Chomh maith leis sin, tugann na mílte turasóir cuairt ar an oileán gach bliain mar gheall ar a cháil idirnáisiúnta mar laithreán oidhreachta agus cultúrtha.
“Tá an-lúcháir orm an fhorbairt seo a fheiceáil ag teacht i mbláth. Is fada muintir Árann ag fanacht le háiseanna sábháilte agus oiriúnacha, agus tríd an fhorbairt seo beidh áiseanna sásúla ar fáil anois maidir le paisinéirí, lastas agus cúrsaí iascaigh,” a dúirt an tAire. “Níl aon amhras orm ach go gcuideoidh an calafort nua go mór le heacnamaíocht an oileáin a threisiú sna blianta amach romhainn agus go mbeidh caighdeán saoil phobal an oileáin feabhsaithe go mór dá bharr.”
Dúirt Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumainn Forbartha Árann Teo., "Cuireann Comharchumann Forbartha Árann agus Coiste an Chalafoirt fáilte mhór roimh an dea-scéal seo. Is é seo an togra is mó agus an caiteachas is mó a rinneadh ar an oileán riamh agus is forbairt í seo a athróidh saol an oileáin agus saol na n-oileánach."
Ghabh an tAire Ó Cuív buíochas le gach dream a raibh baint acu le pleanáil agus forbairt an togra go dtí seo, go háirithe muintir Árann féin, Comhairle Chontae na Gaillimhe, na Comhairleoirí Michael Punch and Partners agus an RNLI. Mar fhocal scoir, dúirt an tAire go raibh sé cinnte go mbeadh muintir an oileáin agus an pobal i gcoitinne foighneach agus tuisceanach le linn do na n-oibreacha tógála bheith ag dul ar aghaidh.
Mon, 30 Jul 2007 00:00:48 BST