Tá fógartha ag Máire Ní Chochlainn T.D., an tAire Talmhaíochta agus Bia, agus a comhleacaí Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuarthas cead d’aonghuth inniu do Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2007-2013 ag cruinniú de chuid Choiste Forbartha Tuaithe na hEorpa. Bhí an Clár ag an gCoimisiún ó mhí Eanáir seo caite agus dúirt an tAire go ndearna an Coimisiún agus a Roinnse araon gach iarracht ó shin i leith chun an clár a cheadú agus a chur i bhfeidhm gan mhoill.
€5.78bn de chaiteachas poiblí atá sa phacáiste iomlán, le €2.33bn ag teacht ó Chiste Talmhaíochta na hEorpa d’Fhorbairt Tuaithe agus an fuílleach ag teacht ón Státchiste náisiúnta. Tá an clár de réir Phlean Gníomhaíochta AgraiFhís 2015 agus cuireann sé toradh na gcomhráití comhpháirtíochta san áireamh. “Is léiriú ar infheistíocht thar na bearta i dtalmhaíocht na hÉireann an Clár seo agus cuirfidh sé feabhas ar thimpeallacht na tuaithe agus cuideoidh sé le hioncam feirmeoirí amach anseo a chinntiú,” a dúirt an tAire.
Téann bearta an Chláir i ngleic le trí thosaíocht – iomaíochas, an timpeallacht agus geilleagar ginearálta na tuaithe. Is iad REPS/Natura (€2.98bn), Ceantair faoi Mhíbhuntáiste (€1.8bn), Luathscor (€418m), Cúnamh Suiteála (€63m) agus Infheistíocht Feirme (€85m) na príomhbhearta agrai-bhia. Cuimsíonn na Scéimeanna seo 93% de chaiteachas iomlán poiblí an Chláir de €5.78bn.
Dúirt an tAire go gcuirfidh an clár breis tacaíochta ar fáil i gcomhair athstruchtúrú trí rátaí níos fearr a sholáthar faoi na scéimeanna luathscoir agus cúnaimh suiteála. Cuirfear tacaíocht mhór ar fáil freisin sna hearnála a bhaineann le hinfheistíocht chaipitil, oiliúint agus comhairle. Beidh méadú 17% in íocaíochtaí REPS agus méadóidh na híocaíochtaí faoi scéim na gCeantar atá faoi Mhíbhuntáiste 8%.
Dúirt an tAire Ní Chochlainn: “Is fianaise shoiléir an pacáiste €5.78 billiún seo de thiomantas an Rialtais d’fheirmeoirí agus do shaol tuaithe in Éirinn. Sa chlár seo tá dhá aidhm ag an méadú gan choinne ar infheistíocht ón Státchiste. Ar dtús báire, cuideoidh sé le hiomaíochas in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta. Sa dara cás, cinnteoidh sé go mbeidh meas ar an timpeallacht agus go gcuirfear feabhas uirthi. Téann an clár go hiomlán de réir creatlach forbartha tuaithe an AE agus tá sé ar aon dul lenár bhfís féin do thodhchaí na feirmeoireachta agus na hearnála agrai-bhia in Éirinn, mar a leagadh amach é i bPlean Gníomhaíochta AgraiFhís 2015. Is aitheantas daingean do na gealltanais a leagadh amach sa phlean sin an maoiniú breise atá á chur ar fáil ón Státchiste.”
Thug an tAire Ní Chochlainn suntas don dul chun cinn maith atá á dhéanamh maidir le leanúint le comhráití le Coimisiún an AE ar roinnt bearta atá maoinithe go náisiúnta, ar a n-áirítear an clár foraoisithe agus an clár leasa ainmhithe do bha diúil.
Chuir Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, fáilte freisin roimh cheadú an Chláir nua. Cuirfear os cionn €425m ar fáil sna seacht mbliana atá le teacht – trí oiread an méid maoinithe a cuireadh ar fáil don tréimhse 2000-2006 – chun tacú le feabhas a chur ar an gcaighdeán maireachtála i gceantair tuaithe agus chun geilleagar na tuaithe a éagsúlú agus a fhorbairt. As an méid iomlán, tiocfaidh €234m ón Aontas Eorpach agus tiocfaidh an fuílleach ón Státchiste. Cuirfidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an Clár ar fáil trí ghréasán Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla.
“Is éacht mhór é LEADER a phríomhshruthú mar seo,” a dúirt Maura Walsh, Comhar LEADER na hÉireann. “Ciallaíonn an t-ardú mór seo ar mhaoiniú go mbeidh an tionchar a bheidh ag LEADER an-suntasach go deo.”
Agus é ag cur fáilte roimh an gClár nua, dúirt an tAire Ó Cuív: “Beidh ról lárnach agus ríthábhachtach aige ó thaobh aidhmeanna an Rialtais maidir le forbairt tuaithe, mar atá siad leagtha amach i gClár nua Comhaontaithe an Rialtais, a chur i bhfeidhm agus a bhaint amach sna seacht mbliana atá amach romhainn. Táim ag súil go mór le dul chun cinn suntasach a fheiceáil maidir le forbairt a dhéanamh ar gheilleagar na tuaithe sna blianta beaga amach romhainn, go háirithe i réimsí na turasóireachta tuaithe/agrai-bhia, forbairt leanúnach earnáil na miontáirgeoirí bia agus cur i bhfeidhm na Straitéise Áineasa Tuaithe.”
Léirigh sé freisin go gcuirfear tús i mí Mheán Fómhair leis an bpróiseas roghnaithe a bhaineann leis na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a chuirfidh an Clár ar fáil ag leibhéal áitiúil.
Tue, 24 Jul 2007 00:00:29 BST