20.11.06 €1.6m ceadaithe ag an Aire Éamon Ó Cuív, T.D. don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i gCois Fharraige

Tá €1,645,963 ceadaithe ag an Aire Éamon Ó Cuív don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh atá le tógáil ag Comharchumann Shailearna in Indreabhán, Co. na Gaillimhe.  Cheana féin tá €1m ceadaithe faoin EOCP (An Clár Cúraim Leanaí um Chomhdheiseanna), agus fágfaidh seo go mbeidh €2.6m san iomlán ceadaithe ag an Stát don togra seo.

“Tá sé mar aidhm ag an Ionad seirbhísí comhtháite a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge.

I measc na rudaí a bheidh ar bun san ionad beidh tacaíocht á chur ar fáil do thuismitheoirí maidir le rogha teanga an teaghlaigh.  Chomh maith leis sin, cuirfear seirbhís chuimsitheach cúraim leanaí trí Ghaeilge ar fáil agus bunófar seirbhísí ar nós clubanna léitheoireachta, ceardaíochta, ceoil, ríomhaireachta, srl.

Tá i gceist tacaíocht speisialta a thabhairt do thuismitheoirí ar cainteoirí dúchais iad atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt lena gclann, chomh maith le teaghlaigh atá tar éis bogadh isteach nó filleadh ar an gceantar, agus atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge.  Chomh maith leis sin, tabharfar cuidiú do lánúin, a bhfuil Gaeilge ag duine amháin acu, a gcuid páistí óga a thógáil le Gaeilge.

Tá saol na Gaeilge ag athrú, agus ní mór dúinn tionscnamh speisialta a chur ar fáil chun an Ghaeilge a láidriú sna pobail Ghaeltachta, agus chun deiseanna nua a thapú.  Tá sé seo ar chuid den phróiseas pleanála teanga agus tá tacaíocht tugtha cheana do Chomharchumann Shailéarna ina threo seo. Cuideoidh sé go mór le cur chuige praiticiúil a chur i bhfeidhm dóibh siúd a dteastaíonn uathu clann a thógáil le Gaeilge.  Aithníodh i gcomhráití  de chuid na Comhairle Breatnach-Éireannach le gairid gurb é ceann de na dúshláin is mó atá romhainn ná mionteangacha a chur ar aghaidh ó ghlúin go ghlúin.  Iarracht atá anseo chun tabhairt faoi sin ar bhealach nuálaíoch, meáite, cuimsitheach, agus tá súil agam go mbainfear tairbhe as an infheistíocht mhór atá á déanamh ag an Stát sa togra seo.

Molaim Comharchumann Shailearna as a ndúthracht agus as a ndíograis i leith na teanga thar na mblianta, agus guím chuile rath orthu leis an togra seo.”

Mon, 20 Nov 2006 00:00:31 GMT
An Rannóg Seo