11.11.06 Maoiniú CLÁR de Bhreis is €72,000 do Bhóithre faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil i gContae Uíbh Fhailí

D’fhógair Éamon Ó Cuív, T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu, go bhfuil €72,250 leithdháilte aige le haghaidh oibreacha ar bhóithre faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil i limistéir CLÁR i gCo. Uíbh Fhailí. Clár infheistíochta is ea CLÁR atá ceaptha chun dul i ngleic le fadhb an dídhaoinithe, an mheatha agus an easpa seirbhísí i gceantair tuaithe

Is bóithre neamh-chontae iad na bóithre faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil, a théann a fhad le tithe agus le háiseanna tábhachtacha pobail eile (reiligí, tránna, céanna, sléibhte, srl.).  Ní mór sealbhóir amháin talún ar a laghadh a bheith ar bhóthar SFÁ agus caithfidh an bóthar a bheith ar oscailt don phobal.

Tá an maoiniú atá á chur ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa mbreis ar mhaoiniú a leithdháil an tÚdarás Áitiúil cheana ar bhóithre SFÁ (ó chistí a sholáthair an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil). Fágann seo go ndéanfar obair fheabhsúcháin ar 50% níos mó bóithre SFÁ i limistéir CLÁR i mbliana. I roinnt contaetha, bhí síneadh naoi mbliana ar an liosta feithimh le haghaidh bóithre SFÁ.  Laghdóidh an scéim seo na liostaí feithimh go mór.

Cuireadh leis na ceantair a chuimsítear faoi CLÁR ar an 11ú Aibreán 2006, rud a mhéadaíonn faoi dhó an daonra a chlúdaítear.  Tá na limistéir nua CLAR i dteideal maoinithe faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil i mbliana.  Toisc an síneadh seo, chomh maith leis an t-ardú 100% i leithdháileadh na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil le haghaidh na Scéime Feabhsaithe Áitiúil 2006, d’fhéadfadh an infheistiú ó CLAR in 2006 a bheith dhá oiread an méid a bhí sé in 2005.

Tá sonraí na 5 bóthar i gCo. Uíbh Fhailí atá ceadaithe ag an Aire le haghaidh maoiniú CLÁR ar fáil ón Oifig Eolais.

NÓTA DON EAGARTHÓIR
Is clár infheistithe é an scéim CLÁR atá dírithe ar cheantair tuaithe a d’fhulaing níos mó ná ísliú 35% i ndaonra idir 1926 agus 2002.  Clúdaíonn an scéim codanna de 22 contae agus Co. Liatroma ar fad agus baineann daonra de bheagnach 727,000 leas as. Clúdaíonn scéimeanna CLÁR éagsúlacht mhaith forbairtí, ar nós feabhsú  sráidbhaile, tithíocht agus scoileanna, tiontú leictreachais, bóithre, soláthar uisce, diúscairt séarachais, sláinte, tionscadail cósta, spóirt agus pobail.

Ceantair a ndírítear isteach orthu faoin gclár CLÁR:
Codanna de: Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na Gall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobráid Árainn, Port Láirge, an Iarmhí, Cill Mhantáin  agus Liatroim ar fad.

Mon, 13 Nov 2006 00:00:56 GMT
An Rannóg Seo