Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas breise de €19,800 in aghaidh na bliana ceadaithe aige don tréimhse phíolótach dhá bhliain atá fágtha ar an mbundeontas don Scéim Oiliúna CLG. Tá sé seo sa mbreis ar an €84,500 a cheadaigh sé do Chomhairle Chonnacht den Chumann Lúthchleas Gael i mí Lúnasa 2005. Bunaíodh an scéim chun oiliúint bhreise i scileanna iománaíochta agus peile a chur ar fáil trí Ghaeilge do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile. Cuideoidh an deontas seo chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Scéim Oiliúna atá i nGaeltacht Chonamara, Dhúiche Sheoigheach agus Árainn.
Tá i gceist ag an CLG:
Ceadaíodh deontas €84,500 in aghaidh na bliana thar thréimhse phíolótach trí bliana don Chumann Lúthchleas Gael i mí Lúnasa 2005 chun an Scéim seo a fhorbairt agus tá bliain den tréimhse sin thart anois.
Dúrt an tAire Ó Cuív go bhfuil áthas air go mbeidh deiseanna foghlaim scileanna peile agus iománaíochta méadaithe tuilleadh mar thoradh ar an gcúnamh breise seo. “Is céim eile í seo i straitéis na Roinne chun an Ghaeilge a bhuanú in imeachtaí an phobail sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.
Wed, 08 Nov 2006 00:00:20 GMT