03.11.06 Iarann Ó Cuív Tuairimí Bhord Údarás na Gaeltachta ar Fhorbairt na Gaeilge agus na Gaeltachta

Ag labhairt le Bord Údarás na Gaeltachta i nDoire inniu, d’iarr an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív T.D. tuairimí Bhord Údarás na Gaeltachta ar ábhair ar leith a bhaineann le forbairt na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Thug an tAire liosta de cheisteanna sonracha don Bhord mar ábhar machnaimh agus díospóireachta dóibh;

Dúirt an tAire nach bhfuil sé ag súil le freagraí inniu, ach gur mhaith leis tuairim an Bhoird a fháil ar na ceisteanna sonracha sin agus aon ábhar eile ar mian leo a ardú as seo go ceann dhá mhí.

Fri, 03 Nov 2006 00:00:22 GMT
An Rannóg Seo