Dheimhnigh Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go bhfuil moltaí faighte ag oifigigh na Roinne ó Iarnród Éireann chun dul ar aghaidh anois le obair ullmhúcháin chun an bóthar iarainn ó Chlár Chlainne Mhuiris go Cúil Mhuine a chaomhnú. Déanfar seo ar bhonn an ghealltanais a tugadh in Iompar 21, go gcuirfear maoiniú de thart ar €5 milliún ar fáil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don obair seo.
Tá an moladh seo á thabhairt chun críche faoi láthair agus ní mór do bhord Iarnród Éireann agus na heagraíochtaí Stáit cuí eile é a fhaomhadh sular féidir leis an obair ullmhúcháin dul ar aghaidh. Ag braitheadh ar na gceadanna seo, meastar gur féidir an obair ghlantacháin a thosú i Meán Fómhair na bliana seo, faoi réir na riachtanas maidir le glantacháin na bhfál, díth neadaíochta na n-éan, etc.
“Ó tá an obair scóipeála ar an líne críochnaithe anois ag Iarnród Éireann, agus meastachán cruinn faighte acu ar an gcostas a bheidh i gceist, táthar ag súil go gcríochnófar na socruithe don mhaoiniú seo a luaithe is féidir. Tá sé fíor-riachtanach go gcaomhnófar an ceart slí má tá an sprioc fadtéarmach le baint amach agus an líne ó Luimneach go Sligeach le athoscailt. Léireoidh an obair intinn shoiléir an Rialtais ina thaobh seo.”
Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta