31.03.06 Seolann Ó Cuív Scéim Fiontar d'Oileáin lasmuigh den Ghaeltacht

Sheol Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, scéim fiontar nua d’oileáin lasmuigh den Ghaeltacht inniu.  Bhí an scéim seo fógraithe ar dtús ag an Aire Ó Cuív ag deireadh mí na Samhna anuraidh.

Is í aidhm na scéime seo ná gríosadh a thabhairt d'fhiontraithe chun réimse leathan de ghníomhaíochtaí a fhorbairt agus a bhunú.  Cothóidh an ghníomhaíocht eacnamúil seo forbairt fhad-tréimhseach inmharthanach na n-oileán.  Reachtálfaidh na Boird Fiontair Chontae an scéim agus cuirfidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an maoiniú ar fáil.  Tá uasteorainn de €100,000 thar thréimhse trí bliana ar fáil d’aon tionscnamh ar leith.  Is féidir costais chaipitil agus fhostaíochta a chlúdach, chomh maith leis na costais a bhaineann le staidéir fhéidearthachta a chur i gcrích.

Cuirfear tionscadail i réimse leathan earnála san áireamh faoin scéim, ar nós tionscadail déantúsaíochta, acmhainní nádúrtha, seirbhísí oileán agus turasóireacht.  D’fhéadfaí cabhair a thabhairt do thionscadail nach mbeadh i dteideal gnáthdheontais ó BFC, bíodh sin de thoradh nádúr na dtionscadal sin, an líon daoine a bheadh fostaithe iontu nó scála na hinfheistíochta iomláin a bheadh ag teastáil.  Ag cur san áireamh an cúnamh atá ar fáil ó Údarás na Gaeltachta i gcomhair fhorbairt fiontar ar na hoileáin Ghaeltachta, beidh tionchar fíor-dhearfach ag an scéim seo ar shaol na n-oileánach.

“Ag deireadh an lae, is cuma cé mhéid airgid a chaitheann muid ar infrastructúr do na hoileáin, muna bhfuil fostaíocht de chineál éigin orthu, ní bheidh daoine in ann maireachtáil orthu.  Tá sé de cheart ag oileánaigh na tire seo caighdeán maireachtála sásúil a bheith acu, agus tá mé cinnte go gcabhróidh an scéim seo an aidhm sin a bhaint amach.”
Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Is féidir sonraí na scéime a fháil ó na Boird Fiontar Chontae cuí agus ó shuíomh idirlíon na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag www.pobail.ie

Tue, 04 Apr 2006 00:00:32 BST
An Rannóg Seo