14.03.06 Chomharchumann Ráth Cairn chun Mionbhus a cheannacht

Tá deontas €26,000 ceadaithe ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar chabhair do Chomharchumann Ráth Cairn chun mionbhus a cheannacht

“Is ceantar í seo a bhí dílis i gcónaí do chúrsaí pobail agus an Ghaeilge go ginearálta”, a dúirt an Aire, “agus bainfidh muintir an cheantair an-úsáid agus tairbhe as an mionbhus seo. De bharr cúrsaí sábhailteachta ní mór don Chomhar Chumannn bus nua a cheannacht le criosanna sábhailteachta ann. Úsáidfear an bus i dtaca le Cúrsaí Gaeilge an Chomharchumainn, an Cumann Dramaíocht áitiúil, an Coiste Daoine Aosta, Club Ógras Ráth Cairn agus don Bhun Scoil agus Meán Scoil.”  

Tue, 14 Mar 2006 00:00:30 GMT
An Rannóg Seo