Inniu, d’fhógair Éamon Ó Cuív, T.D., An tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil maoiniú CLÁR den mhéid €30,000 ceadaithe aige do thionscnaimh i mbailte i gCo. Mhaigh Eo.
Tugann an maoiniú CLÁR seo, mar aon le maoiniú ó comhar Iorrais LEADER Teoranta, ón Údarás Áitiúil agus ó ranníocaíocht áitiúil, an maoiniú iomlán suas go dtí €164,000.
Éascóidh an maoiniú seo soláthair scéimeanna soilsiú, cosáin agus suíocháin i nGaoth Sáile (TRC Cnoc na Ráithe), scéim soilsiú poiblí i mBarr na Trá (TRC Béal an Mhuirthead) agus soiláthair soilsiú máisaithe i gCeathrú Thaidhg (TRC Cnoc an Daimh).
Nóta:
Soláthraíonn an scéim seo maoiniú le haghaidh feabhsaithe sráidbhailte agus áitrithe sna limistéir CLÁR trí bhonneagar mionscála mar a leanas:
33.33% suas go dtí an t-uasmhéid €10,000 le bheith maoinithe ag CLÁR
16.66% suas go dtí an t-uasmhéid €5,000 le bheith maoinithe ag an nGrúpa LEADER
16.66% suas go dtí an t-uasmhéid €5,000 ar chomhmhéid le ranníocaíocht áitiúil.
33.33% le bheith maoinithe ag an gComhairle Chontae. Má tá costas an tionscadail os cionn €30,000, is féidir leis an maoiniú forlíontach príobháideach teacht ó ranníocaíocht áitiúil nó/agus ón Údarás Áitiúil.