COMHRÁITEAS ÓN ROINN GNÓTHAÍ POBAIL, TUAITHE AGUS GAELTACHTA / ROINN CULTÚIR, EALAÍON AGUS FÓILLÍOCHTA
6 Márta 2006
CASANN AIRÍ Ó CUÍV AGUS HANSON AR A CHÉILE I MBÉAL FEIRSTE
Chas Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta in Éirinn agus David Hanson M.P, Aire Stáit Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann, i mBéal Feirste inniu.
Thionól na hAirí cruinnithe ar leith le Príomhfheidhmeannaigh agus ionadaithe ó Bhord Fhoras na Gaeilge agus ón nGníomhaireacht Ultach-Albanach agus ó Uisce-Bhealaí Éireann, chun cúrsaí a thagann faoi chúram na gcomhlachtaí forfheidhmithe trasteorann sin a phlé, ag leanúint na gcomhráite i mBaile Átha Cliath i Mí Dheireadh Fómhair, 2005.
Phléigh an bheirt Aire raon de shaincheisteanna rialachais chorporáidigh, tosaíochtaí oibre agus spriocanna don bhliain 2006 le Príomhfheidhmeannaigh Foras na Gaeilge, an Ghníomhaireacht Ultach-Albanach agus Uisce-Bhealaí Éireann, mar chuid den athbhreithniú rialta a dhéanann siad ar obair na gcomhlachtaí céanna.
Maidir leis an gComhlacht Teanga Thuaidh/Theas (An Foras Teanga / Tha Boord o Leid), dhearbhaigh na hAirí athuair an tiomantas agus an tacaíocht a thugann an dá Rialtas don éagsúlacht teanga agus cultúir tríd an oileán ar fad agus mholadar an Ghníomhaireacht Ultach-Albanach agus Foras na Gaeilge, faoi seach, as a bhfuil déanta acu go dtí anois.
Phléigh an bheirt Aire togra Rialtais na hÉireann chun 30 ball foirne as Foras na Gaeilge a dhílárú go dtí Gaoth Dobhair i dTír Chonaill. Ghlacadar nóta den dréachtphlean chun an dílárú a chur i bhfeidhm a d’ullmhaigh Foras na Gaeilge, ar iarraidh ó na hAirí tar éis an chruinnithe i Mí Dheireadh Fómhair.
Thugadar faoi deara freisin go bhfuil glactha ag Bord Fhoras na Gaeilge leis an bprionsabal go bhfuil 30 ball foirne le hathlonnú go dtí Gaoth Dobhair agus go bhfuil raon do roghanna áirithe molta chun an chuspóir seo a bhaint amach.
Ag teacht leis an gcúlra sin, d’aontaigh na hAirí I bprionsabal, faoi réir faomhadh Na Comhairlí Aireachta Thuaidh/Theas, go bhfuil 30 ball foirne as Foras na Gaeilge le lonnú i nGaoth Dobhair. Chomh maith le sin, d’aontaigh na hAirí go gcaithfidh Bord an Fhorais tograí daingne a thabhairt ar aghaidh anois maidir le céimeanna chun an líon seo den bhfoireann a athlonnú go Gaoth Dobhair, agus cinneadh díreach a dhéanamh ar na rannáin agus na feidhmeanna a bheidh le lonnú ansiúd. Ghlac na hAirí nóta nár thagair an togra dílárúcháin le hathlonnú Ceanncheathrún an Fhorais agus nach bhfuil athrú ar bith molta maidir le staid na foirne san Oifig i mBéal Feirste.
Bhreith an bheirt Aire ar an bhfaill buíochas a ghabháil as an obair atá déanta ag Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, atá ag éirí as oifig i ndeireadh na míosa chun dul i mbun poist mar Phríomhfheidhmeannach an Choiste Ghairmoideachais Cho. na Gaillimhe.
Ina gcuid chomhráití maidir le hUisce-bhealaí Éireann, d’fháiltigh na hAirí roimh foilsiú an “Achoimre de thuairisc soch-eacnamaíoch maidir le coda Oir-Thuaisceart agus Iar-Dheisceart Canálach Ulaidh” agus an “Staidéar Féidearthachta maidir ath-oscailt Canálach Ulaidh, Uas-Datú teicniúil agus Achoimre, Eanáir 2006.” Bhí na foilseacháin sin coimisiúnaithe ag Uisce-Bhealaí Éireann, ar iarraidh an bheirt Aire ag an gcruinniú a bhí eatarthu i Mí Dheireadh Fómhair. Rinne na hAirí nóta den phoirtéinseal a luatar sna tuarascálacha d’fhorbairt na Canálach agus faoi neartú a dhéanamh ar a hacmhainn shóisialta agus eacnamaíoch. Déanfaidh na hAirí agus a gcuid Rann na tuarascálacha a bhreithniú anois, agus eiseofar ráiteas breise orthu gan mhoill.
Bhí na hAirí sásta a thabhairt faoi deara, go raibh dul chun cinn maith déanta i dtreo cuspóirí an Phlean Ghnó 2005 agus i dtreo na bpríomhspriocanna don bhliain 2006. Thug na hAirí le fios an tacaíocht atá acu don saothar buan leanúnach atá ar siúl acu ag forbairt agus ag cothú an líonra uisce-bhealaí intíre ar an oileán seo. Mholadar Uisce-Bhealaí Éireann as an gcur chuige forchéimnitheach atá acu ag aithneachtáil na bhfadhbanna a bhíonn ag baill foirne i gcomhthéacs trasteorann, ag tabhairt foireann nua agus seanfhoireann le chéile ó chúlraí agus ó chultúir difriúla agus ag cur plean ghníomhaíocht dhearfach síos chun an eagraíocht a chur chun cinn.
Thug na hAirí admháil don chúnamh a thug Comhpháirtíocht na hAbhann Duibhe d’Uisce-Bhealaí Éireann chun Staidéar Indéantachta a thairgeadh maidir le struchtúir a athnuachan ar dhá cheann na Canála Uladh agus an Staidéar Socheacnamaíoch a ghabhann leis.
NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ
Is iad seo a leanas na Comhlachtaí Forfheidhmithe:
Uiscebhealaí Éireann, atá freagrach as bainistíocht, cothabháil, forbairt agus athchóiriú ar chóras uiscebhealaí intíre inseolta an oileáin ar fad, le haghaidh caitheamh aimsire go príomha.
An Comhlacht Teanga Thuaidh/Theas (An Foras Teanga / Tha Boord o Leid),, lena n-áirítear Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht Ultach-Albanach.
Tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na Gaeilge, le tacaíocht do thionscnaimh dheonacha agus do thionscnaimh agus tionscadail eile san áireamh, chomh maith le forbairt ar fhoclóirí agus téarmaíocht agus tacaíocht don oideachas trí Ghaeilge agus do mhúineadh na Gaeilge.
Tá Gníomhaireacht Ultach-Albanach freagrach as cur chun cinn feasachta agus úsáid Ullans agus ar shaincheisteanna cultúrtha Ultaise laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin.
Fiosrúcháin ó na meáin go Preas-Oifig na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ar 00 44 28 258901 nó Preas-Oifig na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar 00 353 1 6473156.
Mon, 06 Mar 2006 00:00:52 GMT