01.03.06 €85,000 Leithdháilte le Seachadadh Sheirbhísí Forbartha Áitiúla i Lárchathair Bhaile Átha Cliath a Fheabhsú

D’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., inniu go bhfuil €85,000 ceadaithe aige do thionscadail chomhsheasmhachta atá molta ag Páirtíocht Lárchathair Bhaile Átha Cliath d’fhonn seachadadh sheirbhísí forbartha áitiúla sa cheantar.
 
Cabhróidh an maoiniú le forbairt cheithre phlean gníomhaíochta sna Ceathramháin Lárchathracha, staidéar staitisticiúil ar riachtanais sa cheantar, plean gníomhaíochta cuimsitheach iomlánaithe, comhdháil agus tuarascáil fhorbairt áitiúil agus pobail comhpháirteach, cur chuige dírithe ar fhorbairt áitiúil sa Lárchathair Oirdheisceartach mar aon le Sráid Charlemont, Sráid na mBráithre Bána/ Sráid Aungier, Sráid an Phiarsaigh agus An Rinn/An Baile Gaelach agus foilsiú eolas gaolmhar.

Tugann an leithdháileadh is déanaí a d’fhógair an tAire an maoiniú atá curtha ar fáil ag an gCiste Comhsheasmhachta do shruthlíniú ghníomhaireachtaí áitiúla agus pobail ar fud na tíre, tugann sé suas go dtí €3,957,527 é.

“Is cúis áthais dom go mbeifear in ann seirbhísí forbartha áitiúla a fheabhsú agus a mhéadú leis an maoiniú seo.  Tá na tionscadail seo mar chuid de chlár iomlán chun rochtain ar mhodhanna cuimsithe sóisialta do gach saoránach a fheabhsú is cuma cibé cá hait a bhfuil cónaí air sa chathair”.
Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta


Nóta don Eagarthóir:
Is é príomhchuspóir Chiste Comhsheasmhachta de chuid na Roinne Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ná comhtháthú na ngrúpaí LEADER agus Páirtíocht (Páirtíochtaí Pobail san Áireamh) faoi dheireadh 2006 d’fhonn go seachadfaidh comhlacht amháin i ngach ceantar cláir fhorbartha áitiúla (LDSIPanna) agus cláir fhorbartha tuaithe macasamhail LEADER agus an Scéim Sóisialta Tuaithe.  Chomh fada agus is féidir, ailíneoidh na comhlachtaí nua a gcuid teorainneacha leis na teorainneacha cathrach agus contae.  Lena chois sin, cuirfear leis an chlár LDSIP chun an Stát uilig a chlúdach  faoi 01/01/07. 

Wed, 01 Mar 2006 00:00:15 GMT
An Rannóg Seo