18.09.06 100 Post Breise á gcur ar fáil ag an Rialtas ar an Scéim Shóisialta Tuaithe

D’fhógair Éamon Ó Cuív, T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu, (18 Meán Fómhair 2006) méadú 100 post sna poist atá ar fáil ar an Scéim Shóisialta Tuaithe (SST) – ó 2,500 post go dtí 2,600 post.
 
Dúirt an tAire, agus an méadú seo á fhógairt aige, a gcuirfear tús leis sna seachtainí seo romhainn, "ó seoladh an SST i mí na Bealtaine 2004, tá an-chuid obair luachmhar á déanamh faoin scéim sna pobail tuaithe.   Léiríonn cé chomh tapa is a glacadh le gach ceann de na 2,500 post an méid atá ag éirí leis an scéim agus an meas mór atá uirthi i bpobail tuaithe."  Dúirt an tAire chomh maith gur "bunaíodh an SST go han-tapa mar chuid lárnach den saol tuaithe i bpobail ar fud na tíre."
 
Cuireann an SST obair phobalbhunaithe ar fáil ar bhonn páirtaimseartha d’fheirmeoirí agus d’iascairí.  Díríonn an SST ar theaghlaigh feirme ar ioncam íseal go meánioncam agus tá sé mar aidhm aici a chinntiú go saothraíonn an líon feirmeoirí is féidir ioncam arb ionann é agus an meánioncam tionsclaíoch ar a laghad.  Ar na cineálacha tionscadal a bhfuiltear ag tabhairt futhu faoin SST, áirítear:
 

Seachadtar an SST ag leibhéal áitiúil trí ghrúpaí LEADER agus, i gceantair Ghaeltachta, trí ghrúpaí LEADER i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.  Oibríonn rannphairtithe ar an Scéim 19.5 uaire in aghaidh na seachtaine.

Tue, 19 Sep 2006 00:00:36 BST
An Rannóg Seo