01.09.06 Osclaíonn Ó Cuív seirbhís Teilea-Raideolaíochta ag Ospidéal Pobail Bhéal an Mhuirthead FSS an Iarthair

D’oscail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív T.D. an nasc teilea-raideolaíochta nua idir Ospidéal Pobail Bhéal an Mhuirthead de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Iarthair agus Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo i Caisleán an Bharraigh go hoifigiúil inniu.

Ciallaíonn an tseirbhís nua, atá i mbun oibre ón 9 Meitheamh i mbliana i leith, gur féidir x-ghathú a dhéanamh ar othair i mBéal an Mhuirthead agus ansin gur féidir le dochtúir comhairleach i gCaisleán an Bharraigh an íomhá a léamh. Bíonn radagrafaí sinsearach ag freastal in Ospidéal Pobail Bhéal an Mhuirthead lá amháin sa tseachtain, dhá lá gach tríú seachtain agus níos minice má thagann méadú ar an éileamh. Go dtí seo, tá úsáid bainte ag 150 othar as an tsaoráid nua.

Sholáthair Roinn Aire Uí Chuív 50% de chostas an tionscadail faoin gclár CLÁR, agus tháinig an 50% eile ón gClár um Chaipiteal Sláinte de chuid an Roinne Sláinte agus Leanaí. Bhí costas iomlán de €600,000 ar an tionscnamh.  Thug an Erris Association thall i Nua-Eabhrac, S.A.M. ranníocaíocht $50,000 (tuairim is €39,000) don tionscadal chomh maith.

“Is íontach an sampla í an tseirbhís seo den chaoi ina soláthraíonn cláir Rialtais ar nós CLÁR réitigh nua-aimseartha, praiticiúla agus ciallmhara ar na deacrachtaí a fhulaingíonn pobail tuaithe, soláthar seirbhisí i gceantair thuaithe iargúlta, ina measc. Tá Ospidéal Pobail Bhéal an Mhuirthead 70 míle ó Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo. Mar sin tá tionchar suntasach ag an nasc teilea-raideolaíochta cheana féin ar shaol an phobail ós rud é go ndéantar x-ghathú ar othair ag a n-ospidéal áitiúil agus is minic nach mbíonn aon ghá leis an turas fada go Caisleán an Bharraigh a dhéanamh.”
Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Fri, 01 Sep 2006 00:00:47 BST
An Rannóg Seo