23.08.06 Leithdháileann Ahern maoiniú méadaithe de €100,000 do Scéim Sochrúchán an Luchta Siúil ón Chlár Forbatha Pobail

D’fhógair Noel Ahern T.D., An tAire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, leithdháileadh maoinithe de €100,000 inniu faoi Scéim Socrúchán an Luchta Siúil ón Chlár Forbartha Pobail, ar chuir sé tús leis i 2005. Léiríonn fógra an lae inniu méadú €40,000 nó 66.6% ar mhaoiniú na bliana seo caite.

Iarrann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta ar Thionscnaimh Forbartha Pobail cur isteach ar mhaoiniú faoin Scéim, a chuireann deiseanna taithí oibre ar fáil i limistéir mar dhualgais fáiltiú/riaracháin, oideachas don Lucht Siúil, obair eis-shínte agus obair óige.

Dúirt An tAire Ahern go raibh tairbhe shuntasach leis an Scéim don Lucht Siúil a cuireadh ar socrúchán agus do na Tionscnaimh Forbartha Pobail inar socraíodh iad.  Bhí sé sásta leis an ghlacadh faoin Scéim anuraidh nuair a socraíodh 22 den Lucht Siúil i dtograí ar feadh suas le 8 seachtaine ar costas €60,000. Ciallóidh an maoiniú méadaithe de €100,000 i mbliana gur féidir le socrúcháin maireachtáil suas le dhá sheachtain déag.

“Is maith is eol dúinn go bhfuil an Lucht Siúil ar cheann de na grúpaí is mó atá ar an imeall sa sochaí agus gur minic gur deacair acu fostaíocht a fháil,” arsa An tAire Ahern. “Tá mé dóchasach go n-ullmhóidh, go spreagfaidh agus go dtacóidh Scéim Socrúchán an Luchta Siúil do Thionscnaimh Forbartha Pobail le daoine ón Lucht Siúil agus iad ar lorg fostaíochta”.

Wed, 30 Aug 2006 00:00:02 BST
An Rannóg Seo