13.02.06 Seimineár ar ar an bhFuinneamh Inmharthana

Ba chúis áthais d'Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta fáilte a chur roimh rannphairtithe chuig seimineár ar fhuinneamh inmharthana a bhí ar siúl sna Forbacha inniu.  Thagair an tAire don chlár suimiúil a bhí leagtha amach don seimineár leathlae agus chuir sé fáilte mhór roimh na saineolaithe -

Dúirt an tAire go raibh sé thar a bheith sásta go raibh plé an tseimineáir dírithe ar phobail na n-oileán mar go gcreideann sé féin go bhfuil sé tábhachtach do na hoileáin tógáil ar a gcuid buntáistí nádúrtha agus go bhféadfadh siad ceannródaiocht a thaispeáint do phobail eile ar fud na tíre. 

Bhí an seimineár tráthúil, dar leis, i gcomhthéacs iarrachtaí na hÉireann cloí lenár ngealltanais faoin bPrótacal Kyoto agus tacú le feachtas an Aontais Eorpaigh chun fuinneamh inmharthana a fhorbairt.  Bhí sé tráthúil freisin chun plé a dhéanamh ar dheiseanna fostaíochta a bheadh bunaithe ar acmhainní nádúrtha.  "Ag eascairt as ár spleáchas ar acmhainní fuinnimh a importáil (tuairim is 90%), tá géarghá ann forbairt a dhéanamh ar an bhfuinneamh inmharthana.  Tá sé criticiúil freisin ó thaobh laghdú na n-astuithe dé-ocsaíde, chun an soláthar fuinnimh don todhchaí a chinntiú agus i bhfianaise méaduithe i bpraghas breosla," a dúirt an tAire. 

Rinne an tAire tagairt don ollphacáiste dar luach €265m a d'fhógair a chomhleacaí, an tUasal Brian Cowen, T.D., Aire Airgeadais le gairid maidir le fuinneamh inmharthana trasna na hearnálacha aibhléise, teasa agus iompair don chúig bliana amach romhainn.  Thagair sé freisin do na céimeanna páirtnéireachta atá tógtha ag a chomhleacaí, an tUasal Noel Dempsey, T.D., Aire Mara, Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha agus a leathcheann ó thuaidh, an tUasal Angela Smith MP, maidir le clár uile-Éireann don bhfuinneamh inmharthana suas go dtí 2020. 

Mar fhocail scoir, mhol an tAire an dul chun cinn atá déanta ag roinnt oileán cheana féin agus dúirt sé go raibh súil aige go n-éireodh le pobail na n-oiléan agus an pobal i gcoitinne lántairbhe a bhaint as na deiseanna atá ag teacht chun cinn san earnáil nuálach dhúshlánach seo.

Fri, 17 Feb 2006 00:00:55 GMT
An Rannóg Seo