Inniu d’fhógair Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil maoiniú breise den mhéid €16,328 ceadaithe aige faoi scéim CLÁR, chun athchóiriú a dhéanamh ar dhíon an ionaid pobail Béal na mBuillí, i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin.
Tá an maoiniú seo faoi CLÁR ar chomh-mhéid le maoiniú ó Arigna LEADER, beireann sé seo an maoiniú iomlán go dtí €32,656.
Beidh maoiniú an tionscadail mar a leanas:
| Acmhainní an phobail | €30,000 |
| LEADER | €16,328 |
| Deontas Caipiteal Spóirt (deontas forlíontach CLÁR de €4,000 in áireamh) |
€24,000 |
| CLÁR | €16,328 |
| IOMLÁN | €86,656 |