19.04.06 Grúpsceimeanna Uisce i gCo. an Chláir

D’fhógair Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, inniu go bhfuil maoiniú sa bhreis ó CLÁR ar luach  €147,659 leithdháilte aige ar Ghrúpscéim Uisce Ucht Máma (TRC An Mhainistir agus Ucht Máma) i gContae an Chláir.

Ciallaíonn sé sin go mbeifear in ann oibreacha ar luach  €284,790 a chur i gcrích.  Íocfar an fuílleach le hairgead ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ó ranníocaíocht phríobháideach ó bhaill an Ghrúpa.  Bainfidh 18 teaghlach tairbhe as an scéim le sábháilt ar luach €8,203.

Wed, 19 Apr 2006 00:00:53 BST
An Rannóg Seo