Méadú 100% sa Líon Daoine a Bhainfidh Tairbhe as – Ó Cuív
Inniu, (11ú Aibreán), d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas an Scéim CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) a leathnú. Tá an scéim rathúil forbartha tuaithe seo le leathnú arís i bhformhór na gceantar ina bhfuil sé cheana agus le tabhairt isteach i gcúig chontaetha eile sa bhreis. Cuireadh méadú thart faoi €9m le soláthar maoine CLÁR sna Meastacháin Athbhreithnithe don bhliain seo. Tugann sin ciste CLÁR san iomlán suas go dtí €22.95m.
“Chaith an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maoiniú de €51.335 ar bhearta éagsúla CLÁR idir 2002 agus Márta 2006 agus tá €20,674 fós le tarraingt anuas. D’ardaigh an caiteachas seo cistiú thart faoi €55.399m, le €20.674m fós le tarraingt anuas. Tugann seo an iomlán an mhaoinithe atá caite sna limistéir CLÁR go dtí €151,656m. Tá toradh nach beag ag teacht as an síorchreimeadh seo ar na mionoibreacha go léir, iarrachtaí nach bhfaigheadh maoiniú ar bith b’fhéidir murach é. Tá an toradh seo ag feabhsú beathaí na ndaoine a chónaíonn sna ceantair seo. Tá an-ríméad orm gur éirigh liom dearbhú eile don scéim seo a fháil ón Rialtas agus faoin chinneadh atá déanta an scéim a leathnú go dtí ceantair eile le beagán daonra faoin dtuath. Níl dabht ar bith i m’aigne ná go bhfaighidh an mhuintir a chónaíonn sna ceantair nua seo CLÁR tairbhe chinnte go luath as a bheith páirteach sa scéim seo.”
Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Bunaithe ar anailís a rinne An Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (INARS) in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, tá an Rialtas tar éis aontú anois go mbeidh réigiún incháilithe chun teacht faoi CLÁR feasta má bhí laghdú de 35% i ndaonra an chontae idir 1926 agus 2002. Ba é an critéar a bhí ann roimhe seo ná meán-laghdú sa dhaonra de 50% sa chontae idir 1926 agus 2002. Sna contaetha ar fad, fágadh as an áireamh bailte le daonra de 3,000 nó os a chionn, maille lena gcuid bhruach-limistéir, is cuma cén laghdú a bhí i ndaonra an chontae ar fad. Tá na ceantair nua atá le tabhairt isteach faoin scéim in aice leis na ceantair CLÁR atá ann cheana, nó ar a laghad tá daonra de 1,000 iontu.
“Ar mo thaisteal dom thart timpeall ar Chontae an Chláir, bhí ionadh thar chuimse orm as an méid bearta agus tionscadal atá curtha i gcrích faoin scéim seo CLÁR. Tá an domhan mó scéimeanna ar fáil agus tá an maoiniú tar éis scagadh anuas go torthúil go dtí na pobail go léir sna ceantair agus tá na tionscnaimh scaipthe go breá cothrom tríd an réigiúin. Tá ard-acmhainn ag baint le cuid de bhearta an phobail agus tugann siad scóip bhreá do gach pobal a gceantar féin a fhorbairt. Má ghlactar fiú an beart feabhsúcháin na sráidbhailte mar aonad ann féin, tá difríocht shonrach le brath i meanma na ndaoine a chónaíonn sna háiteanna sin. Tá mothú láidir sna limistéir sin anois go bhfuil duine éigin ag éisteacht leo faoi dheireadh thiar agus ag iarraidh caighdeán a mbeatha a ardú.”
Gerard Kennedy, Oifigeach na dTionscadal, Forbairt na nAcmhainní Tuaithe, Co. an Chláir.
Tá méadú de 100% tagtha ar an líon daoine a bhainfidh tairbhe anois as an gclár seo ó 362,000 go 727,000 agus tá méadú ar líon na gcontaetha ó18 go dtí 23. Is iad na contaetha nua a bhfuil limistéir iontu a bheidh páirteach sa chlár don chéad uair ná Cill Mhantáin, Ceatharlach, Laois, Cill Chainnigh agus Uibh bhFáilí. Ardóidh méid na dToghcheantar atá le bheith istigh sa chlár ó 729 go dtí 1,614.
Clúdaíonn scéimeanna CLÁR éagsúlacht mhór d’fhorbairtí cosúil le feabhsúchán sráidbhailte, tithíocht agus scoileanna. Comh maith leis sin, tá tiontú eibhléise i gceist, bóithre, soláthar uisce, diúscairt séarachais, sláinte, tionscadail ar an gcósta, spórt agus tionscadail pobail.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar http://www.pobail.ie/ie/RAPIDagusCLR/
NÓTA DON EAGARTHÓIR
Tugadh an scéim CLÁR isteach don chéad uair i Mí Dheireadh Fómhair 2001 mar chlár sprioc-infheistíochta sna cheantair tuaithe, ceantair a d’fhulaing titim sa daonra do 50% nó os a chionn ó bhunaíodh an Stát. Tar éis comhairle dhíreach a bheith curtha ar na pobail iad féin, d’fhorbair an tAire Ó Cuív sraith scéimeanna faoi CLÁR a cheapadh chun luas a chur faoi chruthú infrastruchtúir fhisiciúil, phobalbhunaithe, shóisialta.. Leathann scéimeanna CLÁR thar éagsúlacht mhór d’fhorbairtí cosúil le feabhsúchán sráidbhailte, tithíocht agus scoileanna. Freisin tá tiontú eibhléise i gceist, bóithre, soláthar uisce, diúscairt séarachais, sláinte, tionscadail ar an gcósta, spórt agus tionscadail pobail.
Oibríonn an maoiniú le haghaidh CLÁR ar thrí bhealach. Maoiniú díreach ó CLÁR féin, forlíontaí le haghaidh scéimeanna atá ann cheana, nó cómhaoiniú le Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, Údaráis Áitiúla agus ag na pobail féin. Cuidíonn an maoiniú seo le pobail na tuaithe chun teacht i gceann ar dheacrachtaí áitiúla agus chun seirbhísí riachtanach a chur ar fail.
Ba iad na céad limistéir CLÁR a fógraíodh sa bhliain 2001 ná dúichí sna contaetha seo a leanas: An Cábhán, An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Luimneach, Longfort, An Lú, Maigh Eo, An Mhí, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach Tiobrad Árann, Port Láirge, an Iarmhí agus Contae Liatroma ar fad. Mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar an Scéim go déanach sa bhliain 2002, bunaithe ar réamhshonraí ó dhaonáireamh 2002, méadaíodh ar líon na dToghcheantar sa Scéim go dti 885 (ón mbunfhigiúr de 701). Méadaíodh ar líon an phobail a bhí clúdaithe sa Chlár Oibre go dti 362,000 (ó 284,000), thar 18 contae ar fad.