Fáiltíonn Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta roimh fhoilsiú an Dréachta Comhairliúcháin inniu ar Threoirlínte d'Údaráis Phleanála maidir le Tithíocht Tuaithe Inbhuanaithe ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Martin Cullen T.D. Rinne an tAire Ó Cuív comhghairdeas leis an Aire Cullen as a chur chuige praiticiúil, críochnúil maidir leis an gceist a bhíonn ina chnámh spairne go minic.
Tá na Treoirlínte a eisíodh inniu bunaithe ar "an réamhthuiscint go bhfaighidh daoine a bhfuil fréamhacha nó ceangal acu le ceantair thuaithe, nó atá páirteach agus gníomhach in imeachtaí an phobail thuaithe cead pleanála do thithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad na gnáthriachtanais a bhaineann le cúrsaí sábháilteachta bóthair agus diúscairt chuí ar fhuíolluisce." (Dréacht Comhairliúcháin)
"Tá na treoirlínte ar aon dul leis seo an méid atá á rá agam le blianta fada maidir leis an gceist seo. Ní hamháin sin, ach tugann siad creatlach níos mine do lucht pleanála, atá bunaithe ar bheartas tithíocht tuaithe na Straitéise Spásúla Náisiúnta. Tá an-áthas orm go bhfuil treoirlínte beacht, soiléir againn a mbeidh próiseas comhairliúcháin eolasach bunaithe orthu, agus níl amhras ar bith orm ach go dtabharfaidh muintir thuaithe na hÉireann a bhfuilim mar ionadaí acu tacaíocht iomlán do na treoirlínte sin."
Éamon Ó Cuív, T.D.
Deir an Dréacht Comhairliúcháin freisin, "gur chóir, ar ndóigh, go mbeadh tithe nua i gceantair thuaithe lonnaithe agus deartha sa chaoi is go luífidh siad lena dtimpeallacht fhisiciúil agus nach gcuirfeadh siad isteach ar chaomhnú na gceantar íogaireacha mar ghnáthóga nadúrtha, purláin na struchtúr cosanta agus gnéithe eile a bhaineann leis an oidhreacht. Léirítear go soiléir sna Treoirlínte, áfach, nach bhfuil sé i gceist go bhfeidhmeodh ainmniú reachtúil ar cheantair thuaithe áirithe (.i. Ceantair Speisialta Caomhnaithe, Ceantair Speisialta Cosanta agus Ceantair Oidhreachta Nádúrtha) mar bhac solúbtha ar fhorbairt tithíochta."
"Is minic a cuireadh i mo leith go raibh mé i gcoinne aon srian a bheith ar thithíocht tuaithe agus arís agus arís eile tá sé ráite agam gurb é atá ag teastáil ná tithíocht tuaithe laistigh de dhea-chleachtas pleanála. Léiríonn an Dréacht Comhairliúchaín an seasamh atá agamsa maidir leis an gceist seo agus léiríonn sé go soiléir, beartas an Rialtais maidir leis an gceist seo. Tá súil agam anois, gur féidir linn bogadh ar aghaidh anois ón doiléiriú leanúnach a bhain leis an díospóireacht seo agus teacht ar threoirlínte ciallmhara a rachaidh chun sochair na gceantar tuaithe in Éirinn, a muintir agus a dtimpeallacht araon."
Éamon Ó Cuív, T.D.
Thu, 04 Mar 2004 00:00:00 GMT