Foilsíodh an Páipéar Bán ar Chreat chun tacú le Gníomhaíocht Shaorálach agus chun Forbairt ar an nGaol idir an Earnáil Phobail agus Shaorálach agus an Stát mí Mheán Fómhair 2000.
Baineann an Páipéar Bán leis an gcineál gaoil idir an Earnáil Phobail agus Shaorálach agus an Stát agus le struchtúir agus le heilimintí eile atá mar bhonn agus mar chrann taca ag an ngaol sin. Is é is cuspóir aige ná creat tacaíochta agus spreagtha níos cuimsithí a sholáthar don Earnáil Phobail agus Shaorálach. Tugann sé aitheantas foirmeálta d'fhealsúnacht na comhpháirtíochta atá mar bhonn ag an ngaol oibre idir an dá earnáil, cé go n-aithníonn sé na difríochtaí eatarthu chomh maith. Tugann sé faoi deara freisin nach bhfuil gaol oibre leis an gcuid reachtúil de ag teastáil ó na heagraíochtaí saorálacha go léir.