Press Copy-Please Check Against Delivery
Sliocht a bhaineann le Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht as óráid a thug an tAire Éamon Ó Cuív, T.D., ag oscailt Oireachtas na Gaeilge, 31 Deireadh Fómhair 2007
Tá áthas orm fógra a thabhairt inniu go bhfuil an Tuarascáil a bhaineann le Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nótáilte ag an Rialtas agus go bhfuil cead tugtha í a fhoilsiú láithreach. Tá cinneadh glactha ag an Rialtas freisin coiste ag leibhéal comh-aireachta a bhunú chun breathnú ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí atá sa Tuarascáil. Chomh maith leis sin, tiocfaidh an coiste ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta comhtháite, laistigh de dhá mhí dhéag, chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú. Cé go bhfuil aird tugtha acu ar an Tuarascáil, dúirt an Rialtas go soiléir nach gá go gciallaíonn sé sin go bhfuil siad ag glacadh leis na moltaí atá inti.
Rinneadh coimisiúnú ar an Staidéar Teangeolaíoch seo de thoradh moladh ina leith a bhí i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus tagann sé le na spriocanna a bhí leagtha amach go soiléir i Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge ó Mhí na Nollag 2006. Sa ráiteas sin rinne an Rialtas athdheimhniú ar a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Sa ráiteas sin freisin, dhearbhaigh an Rialtas, inter alia, go “dtabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge”. Leagann sé síos leis, an bunphrionsabal go “dtabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.” Tá a thiomantas léirithe ag an Rialtas seo do phobal na Gaeltachta. Tá níos mó ná € 800 milliún caite ag mo Roinn féin ar an Ghaeltacht (agus ar na hOileáin) ó 1996. Is ionann agus níos mó ná €100m an soláthair do 2007. Léiríonn sé seo tiomantas leantach an Rialtais don réigiún.
Leagtar amach go soiléir sa Tuarascáil, ar an Staidéar Teangeolaíoch, na dushláin atá le sárú ag pobal na Gaeltachta, go háirithe na dúshláin fadtéarma atá le sárú ag na pobail sin ina bhfuil an Ghaeilge fós ina príomhtheanga pobail.
Tá sé cóir a rá, áfach, go raibh bás na Gaeilge á thuar cheana san am atá caite. Agus é ag scríobh thart ar 150 bliain ó shin, dúirt scríbhneoir amháin gan ainm “as to the Irish language, toleration and patronage have come too late, it cannot be saved alive by any human power”. Níor mhór breathnú freisin ar an staidéar mionsonraithe a rinneadh ar an nGaeilge i 1950. Measadh i 1947 nach raibh ach 35,000 duine sa Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha. Léiríonn na figiúirí is déanaí atá ar fáil ón daonáireamh go bhfuil 22,000 duine ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil sa Ghaeltacht taobh amuigh den chóras oideachais. Mar sin, cé go raibh meath le 60 bliain anuas sa Ghaeltacht, bhí an-teacht aniar inti freisin, agus creideann an Rialtas seo má ghlactar na céimeanna cuí gur féidir leis an nGaeltacht leanúint ar aghaidh agus feidhmiú mar ghné ríthábhachtach de chur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre.
Tá sé tábhachtach freisin go dtuigfí go gcaithfear breathnú ar an nGaeltacht i gcomhthéacs náisiúnta. Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge do go leor daoine atá taobh amuigh di. Mar gheall ar sin, meastar go bhfuil beagnach 50,000 duine sa Stát anois a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht (taobh amuigh den chóras oideachais). Meastar gurb é seo an figiúr is airde ó bunaíodh an Stát. Tuigtear dúinn freisin go bhfuil éifeacht mhór ag an meon atá ag daoine taobh amuigh den Ghaeltacht i leith na Gaeilge ar an meon atá ag daoine taobh istigh den Ghaeltacht ina leith. Ní féidir an dá rud sin a scaradh óna chéile. Cuirfear an méid sin san áireamh nuair a bheidh an Rialtas ag déanamh cinntí faoin Staidéar Teangeolaíoch.
Creidtear go gcuirfidh an Coiste Comh-Aireachta béim ar leith ar bhearta ar féidir a chur i bhfeidhm ar bhealach praiticiúil agus a mbeidh an éifeacht is mó acu ar úsáid laethúil na Gaeilge sa Ghaeltachta a mhéadú agus a chothú – go háirithe chun cinntiú go mbeidh eolas ar an teanga ag daoine óga sa Ghaeltacht agus go spreagfar iad chun í a úsáid.
Tá roinnt moltaí praiticiúla sa Tuarascáil maidir le teorainn na Gaeltachta agus tabharfar tosaíocht dóibh seo nuair a bheifear ag déanamh breithniú ar an tuarascáil ionas go mbeidh teorainneacha na Gaeltachta bunaithe ar chritéar teangeolaíoch amach anseo. Tugtar faoi deara, áfach, go molann an Tuarascáil gur cheart neart deiseanna a thabhairt do na pobail sin, ina bhfuil an Ghaeilge lag, chun machnamh a dhéanamh ar a seasamh mar phobail Ghaeltachta faoi dhispeansáid nua agus freisin go bhfuil sé molta go dtabharfaí deis chuí dóibh cloí leis an gcritéar teangeolaíoch.
CRÍOCH
Thu, 01 Nov 2007 00:00:31 GMT