ADM Teo

Is cuideachta idirmheánach é ADM Teo a bhunaigh Rialtas na hÉireann, i gcomhaontú leis an gCoimisiún Eorpach, chun cuimsitheacht shóisialta, athmhuintearas agus comhionannas a chur chun cinn agus míbhuntáiste a chomhrac trí fhorbairt áitiúil shóisialta agus eacnamaíochta.

Riarann ADM Ltd. an Clár Forbartha Áitiúla do Chuimsitheacht Shóisialta, ACPIF (RAPID), agus an Clár Síochána II thar ceann na Roinne seo.

Faoin gClár Forbartha Áitiúil do Chuimsitheacht Shóisialta, faigheann 38 Comhpháirtíocht Cheantair, 33 Grúpa Pobail agus 4 Comhaontú Fostaíochta maoiniú agus tacaí san iomlán.

Soláthraíonn ADM Ltd. réimse bunaithe de thacaí do chomhordaitheoirí áitiúla agus do phríomhpháirtithe leasmhara laistigh de cheantair ACPIF.

Ceisteanna Coitianta CFÁCS - FAQ's

Tá ADM freagrach freisin as tionscadail fhorbartha eacnamaíochta agus sóisialta i gcontaetha na teorainne a mhaoiniú faoin gClár Speisialta do Shíocháin agus Athmhuintearas.

Faisnéis agus Sonraí Teagmhála
Chun a thuilleadh faisnéise a fháil, téitear i dteagmháil le

Bainistíocht Forbartha Limistéar Teo (ADM), Teach Holbrook, 
Sráid Holles,
Baile Átha Cliath 2.
Uimhir ghutháin
(+353 1) 2400700
Facs:
(+353 1) 661 0411
Suíomh gréasáin
www.adm.ie

Ceisteanna Coitianta CFÁCS

  1. Céard é an Clár Forbartha Áitiúil don Chuimsiú Sóisialta (CFÁCS)?
  2. Cén chaoi a seachadtar an CFÁCS (LDSIP)?
  3. Cén struchtúr atá ag an CFÁCS?
  4. Cé is féidir leis buntáiste a bhaint as an CFÁCS?
  5. Cá háit a bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin CFÁCS?

1. Céard é an Clár Forbartha Áitiúil don Chuimsiú Sóisialta (CFÁCS)?

Sraith beart atá sa CFÁCS (LDSIP), agus iad á gcistiú faoin bplean Forbartha Náisiúnta 2000-2006, atá ceaptha:

Tá na bearta sin dírithe ach go háirithe ar na limistéir is measa as ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm ag an CFÁCS (LDSIP) pobail sna limistéir sin a chumasú le dul i ngleic leis an míbhuntáiste agus tús úr a dhéanamh.

2. Cén chaoi a seachadtar an CFÁCS (LDSIP)?

Is iad Bainistíocht Forbairt Limistéar Teo. (Area Development Management Ltd - ADM), thar ceann na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a riarann an CFÁCS

Tá 38 Comhpháirtíocht, 33 Ghrúpa Pobail agus 4 Shocrú Fostaíochta ann a sheachadann an CFÁCS (LDSIP).  Comhlachtaí príobháideacha seachbhrabúsacha iad sin a dhíríonn ar an míbhuntáiste agus an eisiatacht shóisialta a throid ina gcuid limistéar. 

Tá na Comhlachtaí Comhpháirtíochta déanta díobh seo a leanas: 

3. Cén struchtúr atá ag an CFÁCS?

Baineann trí bheart ar leith leis an CFÁCS, agus gach ceann díobh ceaptha d'aon ghnó chun díriú orthu siúd is mó a ndéantar imeallú orthu sna réimsí sin d'ár Sochaí.

Is iad na trí bheart:

4. Cé is féidir leis buntáiste a bhaint as an CFÁCS?

Féachann an CFÁCS (LDSIP) le cáilíocht na beatha a fheabhsú do bhaill uile ár bpobal ach díríonn sé ach go háirithe ar na dreamanna seo a leanas:

5. Cá háit a bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin CFÁCS?

Tá tuilleadh eolais faoin CFÁCS le fáil ar Shuíomh Idirlín ADM, nó is féidir dul i dteagmháil le:

Clár Forbartha Áitiúil don Chuimsiú Sóisialta
ADM Ltd.
Teach Holbrook,
Sráid Holles,
Baile Átha Cliath 2
Fón: 353 1 2400700
Faics: 353 1 6640411
lcooney@adm.ie

Tuairscáil Indecon - ADM (1,311 kb)

An Rannóg Seo