Cláir Phobail

Déanann an Roinn raon clár tacaíochta d'fhorbairt pobail a mhaoiniú, agus a riaradh i roinnt cásanna, ionas gur féidir le pobail áitiúla agus grúpaí atá eisiata go sóisialta páirt ghníomhach a ghlacadh chun a riachtanais fhorbartha féin a shainaithint agus a chomhlíonadh, ag obair in éineacht leis na Gníomhaireachtaí Reachtúla agus dreamanna eile atá páirteach i dtionscnaimh fhorbartha áitiúla.

Chuir an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí in iúl don Rialtas i Feabhra 2003 go raibh siad ag tionscnamh próisis athbhreithnithe chun na tionchair is dearfaí ar phobail a bhaint amach ó chaiteachas trí chláir sa réimse sin.

Riarann an Rannóg Seirbhísí Deonacha agus Pobail (SDP) den Roinn na Cláir agus Scéimeanna seo a leanas:

Clár Forbartha Pobail

Soláthraíonn an Clár seo cúnamh airgeadais chun tionscadail fhorbartha pobail i limistéir faoi mhíbhuntáiste a mhaoiniú. Soláthraíonn sé tacaíocht freisin d'obair féinchabhrach i spriocghrúpaí sonracha a thaithíonn mhíbhuntáiste - fir is mná faoi mhíbhuntáiste, tuismitheoirí aonair, an  lucht taistil, srl. - d'fhonn cabhrú leo a ndearcadh a chur in iúl agus páirt a ghlacadh i bpróiseas forbartha pearsanta agus pobail. Tá an Clár san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta mar fhobheart sna bearta um chuimsiú sóisialta i gCláir Oibriúcháin Réigiúnacha.

Riarann an Bhainistíocht Forbartha Limistéar Teo (ADM) an Clár Forbartha Áitiúla do Chuimsitheacht Shóisialta. Tá an Clár mar cheann de na fobhearta sna bearta do chuimsitheacht shóisialta sa Deisceart agus san Oirthear araon agus i gCláir Réigiúnacha Oibríochtúla do Cheantar na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair chomh maith.

Is iad na bearta faoi na trí réimse seo a leanas a fhaigheann maoiniú (i) Seirbhísí do Dhaoine Dífhostaithe: (ii) Forbairt Phobail: (iii) Tionscnaimh sa Phobal don Aos Óg. Soláthraítear an maoiniú trí 38 Comhpháirtíocht Cheantair agus 33 Grúpa Pobail. Is comhlachtaí príobháideacha neamhbhrabúsacha iad a dhíríonn ar an míbhuntáiste agus an eisiamh sóisialta ina gceantair féin a chomhrac, agus faigheann a gcuid oibre tacaíocht ón ADM.

Is cuideachta idirmheánach é ADM Teo a bhunaigh Rialtas na hÉireann, i gcomhaontú leis an gCoimisiún Eorpach, chun cuimsitheacht shóisialta, athmhuintearas agus comhionannas a chur chun cinn agus míbhuntáiste a chomhrac trí fhorbairt áitiúil shóisialta agus eacnamaíochta.  Riarann an ghrúpa seo an Clár Forbartha Áitiúla do Chuimsitheacht Shóisialta, ACPIF (RAPID), agus an Clár Síochána II thar ceann na Roinne seo.

An Rannóg Seo