Réamhrá an Ard-Rúnaí

Secretary General Picture

Le bunú na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i Meitheamh 2002 tugadh le chéile raon clár a bhíodh faoi chúram sé Roinn Rialtais eile.  Cuireann an Tuarascáil seo críoch le sraith tuairiscí faoin dul chun cinn a rinneadh i 2002 maidir le straitéisí agus cuspóirí a cinneadh faoi na Ranna sin.

Lasmuigh den tuairisciú, léiríonn an Tuarascáil seo, go mór, an cúlra faoinar chuireamar, lucht na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, seachadadh ár Ráiteas Straitéise 2003-2005 a foilsíodh le déanaí chun cinn.

I ndáiríre, feidhmíonn an téacs seo chun tuairisc a thabhairt faoi dhul chun cinn, chun críoch a chur le straitéisí a bhíodh ann agus chun cabhrú le heolas a thabhairt faoi chomhthéacs ár Roinne nua.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas ó chroí a chur in iúil do gach uile dhuine a d'oibrigh chomh dian sin i rith na bliana seo caite chun snáitheanna na Roinne a ghreamú le chéile.  Creidim go bhfuil ionad oibre cruthaithe againn atá cuiditheach, coláisteach agus éifeachtach.  Is córais dhaonna iad eagraíochtaí agus is mar gheall ar iarracht dhaonna na foirne amháin ar fud na Roinne go bhfuil an oiread sin bainte amach againn i dtréimhse chomh gairid sin.  Míle buíochas le chuile dhuine.

Ar deireadh, an dtig liom focal buíochas ar leith a rá maidir le Margaret Hayes, an duine a bhí mar Ard Rúnaí romham, a thug aghaidh gan scíth agus go fíoréifeachtach ar na ceisteanna eagrúcháin a bhí criticiúil do bhunú na Roinne nua.

Gerry Kearney
Ard Rúnaí
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Iúil 2003

An Rannóg Seo