Réamhrá an Aire agus an Aire Stáit

Ministers pictures

Is cloch mhíle shuntasach í don Roinn foilsiú an doiciméid seo, an chéad Tuarascáil Bhliantúil de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.  Taispeánann an Tuarascáil an dul chun cinn a rinneadh sna réimsí éagsúla atá anois faoi scáth na Roinne nua.

Ainneoin an mhórchlaochlaithe a bhain le cláir ó shé Roinn ar leith a thabhairt le chéile, léiríonn an Tuarascáil go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir le heochairchuspóirí a bhaint amach.  Taispeántar é seo thar raon iomlán ghníomhaíochtaí na Roinne, forbairt pobail, forbairt tuaithe, feidhmiú an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus tacú leis na hoileáin agus leis na ceantair Ghaeltachta ina measc, chomh maith le forbairt pholasaí i leith na Gaeilge.

Le linn 2002 stiúradh an obair seo faoi réir bhunaidhmeanna straitéise a leag na sean comh-Ranna amach.  I rith na coda deireanaí den bhliain rinneadh dul chun cinn fiúntach chun ár gcuspóirí féin a bhunú do na blianta 2003-2005.  Tá siad seo leagtha amach i Ráiteas Straitéise na Roinne a foilsíodh le déanaí - Mórán Pobail - Fócas Coiteann.  Faoi mar a dhéanann an Tuarascáil seo athchomhaireamh ar thorthaí na bliana seo caite, leagann an doiciméad sin na dúshláin don todhchaí amach.

 


Éamon Ó Cuív T.D.
An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Noel Ahern T.D.
Aire Stáit le freagracht speisialta i leith Straitéis Drugaí agus Gnóthaí Pobail

An Rannóg Seo