Ábhair
Bunaidhm Pholasaí:
Cuspóirí Straitéiseacha
An Páipéar Bán um Fhorbairt na Tuaithe
An Fóram Náisiúnta um Fhorbairt na Tuaithe
Ciste Forbartha na Tuaithe (CFT)
CLÁR
An Straitéis Náisiúnta Frithbhochtanais
LEADER, LEADER+ agus na Cláir Náisiúnta um Fhorbairt na Tuaithe
Coimisiún Forbartha an Iarthair
INTERREG IIIA
(i) Clár INTERREG IIIA Éire / Tuaisceart Éireann
(ii) Clár INTERREG IIIA Éire / An Bhreatain Bheag
Clár PEACE II
An Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) -- Seirbhísí Faoisimh Feirme
Bunaidhm Pholasaí:
Feidhmiú éifeachtúil na mbeartas forbartha tuaithe a chinntiú agus freagairt chomhordaithe ar riachtanais na bpobal tuaithe a spreagadh.
Cuspóirí Straitéiseacha
· A chinntiú go mbainfear amach an fhís a leagadh amach sa Pháipéar Bán um Fhorbairt na Tuaithe agus iarrachtaí na Ranna agus na ngníomhaireachtaí Stáit atá páirteach i bhforbairt na tuaithe a chomhordú.
· an clár CLÁR um ceantair tuaithe a athbheochan a fheidhmiú trí phleanáil, infheistíocht agus forbairt.
· Cur le feidhmiú na Straitéise Náisiúnta Frithbhochtanais i gcomhar le comhpháirtithe eile na straitéise le cinntiú go mbeidh tionscnaimh chuimsitheacha, inmharthanacha éiritheacha ann chun cur in aghaidh an bhochtanais i gceantair tuaithe.
· LEADER, LEADER + agus cláir forbartha tuaithe eile a fheidhmiú.
· Forbairt réigiún an Iarthair a chur chun cinn trí chabhrú le Coimisiún Forbartha an Iarthair a fheidhmeanna a chur i gcrích faoi Acht Choimisiún Forbartha an Iarthair.
Dul chun cinn i 2002
An Páipéar Bán um Fhorbairt na Tuaithe
Bunaíodh an Roinn chun comhordú níos fearr a chur faoi chaidreamh an Stáit le pobail ar fud na tíre, ach go háirithe in Iarthar na tíre, agus iad ag iarraidh iad féin a fhorbairt. Cuireadh freagracht fhorbairt na tuaithe uirthi (LEADER, CLÁR agus Forbairt an Iarthair san áireamh).
Lean an Roinn leis an monatóireacht ar an dul chun cinn maidir le feidhmiú tiomantais éagsúla an Pháipéir Bháin um Fhorbairt na Tuaithe a foilsíodh i 1999, chomh maith le feidhmiú chlár áirithe, le haird ar an riachtanas seo.
I rith na bliana bhí an Roinn páirteach i gcoistí éagsúla Idir-Ranna a bhaineann le forbairt na tuaithe, an Stráitéis Spásúil Náisiúnta, iompar tuaithe, oifigí poist tuaithe san áireamh, agus rialtas áitiúil agus forbairt áitiúil a chomhtháthú
An Fóram Náisiúnta um Fhorbairt na Tuaithe
Bunaíodh an Fóram Náisiúnta um Fhorbairt na Tuaithe de réir tiomantas an Pháipéir Bháin, chun ceisteanna reatha a phlé, cláir atá ann cheana a athbhreithniú, agus freagairtí polasaí cuí do fhadhbanna na tuaithe a aithint. Tá ballraíocht le hionadaíocht leathan aige, ó ranna rialtais agus gníomhaireachtaí stáit go comhpháirtithe sóisialta agus an earnáil leathan dheonach agus phobail.
Rinneadh socruithe ag deireadh na bliana chun cruinniú den Fhóram a thionól i mí Eanáir 2003 chun na nithe seo a phlé:
· claonta in ioncam na dteaghlach tuaithe
· CLÁR
· an Straitéis Spásúil Náisiúnta agus a himpleachtaí do cheantair tuaithe agus
· na struchtúir atá ag teastáil ar son todhchaí na gceantar tuaithe.
Ciste Forbartha na Tuaithe (CFT)
Tugann Ciste Forbartha na Tuaithe, a fhoráiltear sa Pháipéar Bán, tacaíocht ar son gníomhartha taighde, meastóireachta agus píolótacha. Chuidigh an Ciste le ceithre thionscadal i nDún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí i 2002, i gclár píolótach a bhí dírithe ar mar atá ag éirí le hoibrithe forbartha ceantair tuaithe atá faoi mhíbhuntáiste mór a athnuachan.
CLÁR
Seoladh an clár seo, CLÁR, (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar thoradh ar an tiomantas sa Chlár Rathúnais agus Cothromais ar son chlár dírithe infheistíochta i gceantair tuaithe faoi mhíbhuntáiste.
Ba iad an sé cheantar déag faoi mhíbhuntáiste is mó a d'fhulaing titim sa daonra idir 1926 agus 1996 (meántitim de 50%) a roghnaíodh do CLÁR. Cuireadh leithinis Chuailgne san áireamh mar gheall ar na deacrachtaí a gineadh sa cheantar ag an ngalar Crúb agus Béal i 2001. Ghnóthaigh daonra iomlán de 284,000 de thoradh caiteachais de thart ar €14m. i 2002.
Léiríonn na bearta a cuireadh ar bun faoi CLÁR (féach tábla) na tosaíochtaí a d'aithin na pobail sna ceantair a roghnaíodh. Tugann na bearta seo, a fhaigheann maoiniú ó CLÁR nó a chomhaoinítear le Ranna eile, le Gníomaireachtaí Stáit agus Údaráis Áitiúla, tacaíocht don bhonneagar fisiciúil, pobail agus sóisialta.
Tá tiomantas sa Chlár Aontaithe Rialtais chun maoiniú bliantúil a dhéanamh ar CLÁR agus chun ceantair bhreise a mheas maidir lena gcur san áireamh i bhfianaise torthaí an Daonáirimh i 2002. Críochnaíodh an t-athbhreithniú ar cheantair CLÁR ag deireadh 2002.
| Beartas | Maoiniú eile (foinse) |
| Bóithre neamhnáisiúnta | An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil |
| Bóithre neamhnáisiúnta | COILLTE |
| Bóithre L.I.S | - |
| Bóithre Áitiúla Grád III | - |
| Mionscéimeanna Uisce Poiblí | An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil |
| Grúpscéimeanna Uisce | An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil |
| Grúpscéimeanna Séarachais | An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil |
| Scéim Feabhsú Uirbeach | Údaráis Áitiúla |
| Scéim Feabhsú Sráidbhailte | LEADER / Pobail agus Údaráis Áitiúla |
| Scéim Comharthaíochta Dhátheangach | Foras na Gaeilge; Foras na Gaeilge & Príobháideach; Foras na Gaeilge & Pobal |
| Deontais Caipitil Spóirt | An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta |
| Deontais Spóirt agus Pobail sa Ghaeltacht | Rannóg na Gaeltachta |
| Miontionscadail Caipitil Sláinte | Boird Sláinte |
| Mórthionscadail Caipitil Sláinte | An Roinn Sláinte agus Leanaí/ Boird Sláinte |
| Oileáin | Údaráis Áitiúla |
| Teileachumarsáid | Údarás na Gaeltachta |
| Teileachumarsáid (Bothanna) | Coimisiún Faisnéise |
| Comhshó Leictreachais | BSL |
| Tograí Pobail | LEADER |
An Straitéis Náisiúnta Frithbhochtanais
Foilsíodh an Straitéis Náisiúnta Frithbhochtanais leasaithe i mí Feabhra 2002. Is í aidhm na straitéise líon na n-áitritheoirí feirme agus tuaithe atá 'bocht de shíor' a laghdú go faoi bhun 2% sa tréimhse go 2007. Tá sé d'aidhm aici chomh maith seirbhísí iompair a fheabhsú d'áitritheoirí tuaithe trí mheascán de chúnamh Stáit agus d'fhoráil phobalbhunaithe, agus an rochtain fostaíochta, oideachas sláinte agus seirbhísí tithíochta a fheabhsú.
LEADER, LEADER+ agus na Cláir Náisiúnta um Fhorbairt na Tuaithe
Ó bunaíodh é i Meitheamh 2002, ghlac an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta uirthi ról an Údaráis Náisiúnta do LEADER a bhí go dtí sin ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbairt na Tuaithe. Leanann an Roinn uirthi ag feidhmiú chlár LEADER agus ag tógáil ar an dul chun cinn i gceantair tuaithe a rinneadh faoi na cláir LEADER a bhí ann roimhe sin.
I rith 2002 thosaigh na 35 grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus na 3 chomhlachtaí comhchoiteanna a fuair conradh i mí na Samhna 2001 chun LEADER+ agus na Cláir Náisiúnta um Fhorbairt na Tuaithe a fheidhmiú ar a gcéad bhliain iomlán oibre. I rith na bliana tháinig méadú ar líon na dtionscadal a mhaoinigh na grúpaí agus ar ghníomhaíochta na ngrúpaí ag an leibhéal áitiúil. I measc na dtionscadal a fuair spreagadh agus maoiniú ó na grúpaí gníomhaíochta áitiúla bhí bunú fhiontar tuaithe, fiontair ceardaíochta agus seirbhísí/áiseanna áitiúla. Spreag an Roinn agus na grúpaí gníomhaíochta áitiúla forbairt na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na hiascaireachta chomh maith le feabhsú na timpeallachta nádúrtha / tógtha / sóisialta agus cultúrtha.
Rinne an Roinn monatóireacht ar obair na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla. Rinne Cigirí Talmhaíochta cigireachtaí míosúla agus cuairteanna ar shuímh le cinntiú go rabhthas ag cloí le Cleachtais aontaithe Oibríochta. Tosaíodh a lán tionscadal nuálacha i rith na bliana - tosaíocht ar leith de chuid na gclár reatha - agus d'éirigh go maith leis an gclár trí thionscadail nach bhféadfadh dul ar aghaidh ina éagmais a éascú. Gné shuntasach den Chlár Náisiúnta um Fhorbairt na Tuaithe is ea an turasóireacht Tuaithe / Feirme. D'eagraigh an Roinn Seimineár Turasóireachta Tuaithe / Feirme in Institiúid Thiobrad Árann, Dúrlas, i mí Bealtaine 2002. Thug sé seo an deis do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla an dul chun cinn a bhí déanta sa réimse seo, agus straitéisí don todhchaí, a mheas.
Tionóladh Aonach Tionscadal Trasnáisiúnta i nGleann Maighir, Co. Chorcaí, i mí na Samhna, 2002. Ba é Innovation South a d'eagraigh an chomhdháil seo (comhfhiontar de chuid trí ghníomhaireacht forbartha i nDeisceart na hÉireann) le tacaíocht ón Roinn. Ba é an t-aonach tionscadal seo an chéad cheann dá leithéid a bhí san Eoraip agus thug sé an deis do na grúpaí a ghlac páirt a bheith i dtús cadhnaíochta i bhforbairt agus i bhfeidhmiú comhthionscadal trasnáisiúnta nuálacha. Thug an chomhdháil an deis do ghrúpaí mar seo bualadh le grúpaí forbartha áitiúla eile as Éirinn agus as mórán tíortha eile ón AE agus gréasán a bhunú leo.
Thug an Roinn tacaíocht don bhéim láidir a leagadh ar an ngréasán teagmhála i gclár LEADER i rith na bliana 2002.
Coimisiún Forbartha an Iarthair
Bunaíodh Comisiún Forbartha an Iarthair (CFI) ar bhonn reachtúil ar an 1ú Feabhra 1999 chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta Réigiún an Iarthair a spreagadh agus a chothú. Is gá comhoibriú go dlúth leis na Tionóil Réigiúnda, na hÚdaráis Réigiúnda agus le comhlachtaí poiblí agus príobháideacha eile sa Réigiún, chomh maith le Ranna Rialtais chun na cuspóirí seo a bhaint amach.
Tá an Coimisiún freagrach as oibriú Chiste Forbartha an Iarthair a chabhraíonn le forbairt an Réigiúin trí infheistiú, trí chothromas nó iasachtaí, i dtosú gnó, i bhfiontair bheaga agus mheánacha atá dírithe ar fhás, agus i mbeartais phobalbhunaithe a spreagann forbairt na fiontraíochta. Ní thugann an Ciste cabhair deontais áfach. I 2002, faomhadh 14 tionscadal ar son cabhrach de €2.017m. san iomlán.
Tá breis eolais ar fáil faoi ghníomhaíochtaí an Choimsiúin ina Thuarascáil Bhliantúil nó ar a shuíomh idirlín ag www.wdc.ie
.
Cláir eile d'Fhorbairt na Tuaithe
Is comhchomhlacht feidhmiúcháin í an Roinn do na tograí forbartha tuaithe faoi dhá chlár INTERREG agus Clár Síochána agus Athmhuintearais an AE i dTuaisceart Éireann agus i Réigiún na Teorann 2000-1004 (PEACE II).
INTERREG IIIA
Is Tionscnamh Pobail é INTERREG a chabhraíonn le pobail teorann an ceann is fearr a fháil ar fhadhbanna speisialta forbartha a eascraíonn as a n-iargúltacht laistigh d'eacnamaíochtaí náisiúnta agus laistigh den Chomhphobal ina iomlán. Tá sé d'aidhm aige oibriú ar son leas na bpobal áitiúla agus ar bhealach nach gcuireann isteach ar chaomhnú na timpeallachta. Is í príomhaidhm Thionscnamh INTERREG a chinntiú nach mbíonn teorannacha náisiúnta ina mbac ar fhorbairt chothrom agus ar chomhtháthú chríocha na hEorpa.
(i) Clár INTERREG IIIA Éire / Tuaisceart Éireann
Feidhmeoidh an Clár seo, atá faomhaithe ag Coimisiún an AE ó Mhárta 2002, go dtí 2006. Tá Beartas Tionscnamh Tuaithe mar chuid de le maoiniú de €18m agus táthar á chur i bhfeidhm i gcomhar le Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe Thuaisceart Éireann. Tá an beartas dírithe ar ghrúpaí athnuachana ceantarbhunaithe trasteorann ar féidir iad a fhorbairt, a bhainistiú, a riaradh agus a sheachadadh i gcomhar i gceantair bheaga faoi mhíbhuntáiste atá sainmhínithe go tíreolaíoch.
(ii) Clár INTERREG IIIA Éire / An Bhreatain Bheag
Rinne Coimisiún an AE an Clár seo a fhaomhadh go foirmiúil i mí na Samhna 2001. Tá Beartas Forbartha Tuaithe agus Éagsúlaithe san áireamh sa Chlár le pacáiste maoinithe de €10m. san iomlán. In Éirinn is é an ceantar atá cáilithe faoin gClár seo ná na contaetha: an Mhí, Cill Dara, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Cill Choinnigh, Tiobrad Árann Theas, Port Láirge agus Loch Garman, agus ceantair údaráis áitiúla Carmarthenshire, Ceredigion, Conwy, Denbighshire, Gwynedd, Pembrokeshire agus Ynys Môn sa Bhreatain Bhig / Coimre. Faoin mBeartas seo cuirtear tacaíocht ar fáil do chomhthionscnaimh a chuireann scileanna gnó, turasóireacht, agus sláinte chun cinn faoin tuath, agus éagsúlacht mar bhreis ar ghníomhaíochtaí talmhaíochta ar an bhfeirm agus amach ón bhfeirm. Faomhadh trí thionscadal i 2002 le maoiniú iomlán de €1.5m.
Clár PEACE II
Cuireadh an Clár seo ar bun ar dtús i 1995 chun síocháin agus athmhuintearas trasteorann a chur chun cinn agus tá sé dírithe ar shé chontae cois teorann sa deisceart agus ar Thuaisceart Éireann. Faomhadh an Clár reatha ag Coimisiún an AE i mí Márta 2001, agus leanfaidh sé ar feadh na tréimhse 2000-2004.
Tá dhá bheartas trasteorann ann, ceann a chuireann an forbairt trasphobal chun cinn agus ceann atá dírithe ar an talmhaíocht agus ar an éagsúlú faoin tuath. Tá siad á bhfeidhmiú i gcomhar le Roinn Talmhaíochta agus Forbairt na Tuaithe i dTuaisceart Éireann. Tá maoiniú iomlán de €7.351m. sa phacáiste maoinithe don dá Bheartas.
I Meán Fómhair 2002, d'fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, T.D., agus Bríd Rodgers, MLA, An Roinn Talmhaíochta agus Forbairt na Tuaithe, Tuaisceart Éireann, gur éirigh leis an iarratas ó Rural Community Network (Tuaisceart Éireann) agus Irish Rural Link (Éire) chun an beartas forbartha pobail trasteorann den chlár a sheachadadh. Is cur chuige nua sa bhforbairt trasteorann pobail é an togra nua Trasteorann seo, ar a dtugtar "Guth Thuaidh/Theas na Tuaithe". Tá cionroinnt iomlán de €1.153m. ar fáil dó.
Faoi bheartas éagsúlú talmhaíochta agus tuaithe an Chláir, fuarthas cúig iarratas i Lúnasa 2001 ar an gcéad ghlao ar iarratais. Tá cionroinnt iomlán de €6.198m. ar fáil don Bheart seo.
An Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) -- Seirbhísí Faoisimh Feirme
Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do bheartas na Seirbhísí Faoisimh Feirme faoin dá Chlár Oibriúcháin Réigiúnacha. Díríonn an maoiniú go háirithe ar oiliúint, agus is bonneagar agus taighde agus forbairt atá i gceist sna gnéithe eile. Infheistíocht iomlán de €8m. atá ann faoin PFN. Bhí cúnamh deontais de €0.109m. ar fáil i Réigiún an Deiscirt agus an Oirthir agus fuair 556 oibritheoir teastais oiliúna i 2002. Íocadh deontais de €0.24m. i réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair i 2002 agus fuair 172 oibritheoir teastais oiliúna.