Forbairt Áitiúil agus an Stráitéis Drugaí

Bunaidhm Pholasaí:

Feidhmiú na forbartha comhtháite áitiúla a chur chun cinn le haird ar leith ar an tiomantas sa Phlean Náisiúnta Forbartha go mbeadh gach clár ag aontú le creatlach nua na mBord Forbartha Contae (BFC), bunaithe ar chomhpháirtíocht idir ghníomhaireachtaí Stáit, na Comhpháirtithe Sóisialta agus na Pobail Áitiúla, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus iontu siúd ina bhfuil leibhéil arda de mhí-úsáid drugaí.

Cuspóirí Straitéiseacha

· An fhorbairt chomhtháite a éascú i gceantair faoi mhíbhuntáiste;

· Soláthar seirbhísí agus áiseanna i gceantair ina bhfuil leibhéal ard de mhí-úsáid drugaí a éascú.

Forbairt Áitiúil

Dul chun cinn i 2002

An Clár Forbartha Áitiúil um Cuimsiú Sóisialta:
Is í aidhm an Chlár Forbartha Áitiúil um Cuimsiú Sóisialta frithchúiteamh in aghaidh an mhíbhuntáiste a dhéanamh agus an comhionannas agus an cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a spreagadh. Déantar an Clár a mhaoiniú tríd an bPlean Náisiúnta Forbartha (PNF) 2000-2006 agus seachadtar é ag an leibhéil áitiúil ag 38 Comhpháirtíochtaí, 33 Grúpaí Pobail agus 4 Comhaontú Fostaíochta.  Is cuideachtaí neamhbhrabúsacha príobháideacha iad seo a dhíríonn ar throid in aghaidh an mhíbhuntáiste agus an eisiaimh shóisialta ina gceantair. 

Faoi dheireadh 2002, bhí dul chun cinn suntasach déanta maidir le gníomhaíochtaí thar  gach ceann de na fo-bhearta. Rinne BFCT (ADM) maoiniú a chionroinnt faoin gClár ar bhonn na bpleananna straitéiseacha a d'fhorbair na Comhpháirtíochtaí, na Grúpaí Pobail, srl, i 2000. Is í aidhm na bpleananna seo forbairt áitiúil a spreagadh atá inmharthanach, cuimsitheach go sóisialta agus dírithe orthu siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa phobal. Ar a shon sin, tá forbairt déanta acu ar ghníomhartha atá dírithe orthu siúd is mó atá imeallaithe agus a dhíríonn ar thorthaí na míbhuntáistí leanúnacha a fhulaingíonn grúpaí dá leithéid. Ina bpleananna agus i bhfeidhmiú an Chláir, ainmníonn na comhlachtaí maoinithe na grúpaí cliantacha is mó a ghnóthódh faoi chuspóirí an Chláir go háitiúil, déanann cainníocht orthu agus bronnann tosaíocht orthu.  Díritear ar na grúpaí ansin faoi thrí fho-bhearta an Chláir - Seirbhísí do Dhífhostaithe, Forbairt Phobail agus Tionsnaimh Óige atá bunaithe ar an bPobal.  I gcroí gach fobhirt tá tiomantas don chuimsiú sóisialta agus do leigheas na bhfáthanna atá le bochtanas agus éagothromaíocht.
Tugadh tacaíocht faoin gClár do os cionn 67,759 duine faoi dheireadh 2002 le beart na Seirbhísí do Dhífhostaithe; tugadh tacaíocht do timpeall 3,850 tionscnamh pobalbhunaithe agus fuair os cionn 880 mion-tionscnamh bonneagair cúnamh faoin gClár. Tugadh tacaíocht do 124,536 duine óg agus 15,425 aosach faoi fho-bheart na dTograí Óige Pobalbhunaithe.

Clár CAPIF (RAPID)
Comhlíonann Clár CAPIF (Ceantair a athbheochan le Pleanáil, Infheistíocht agus Forbairt) tiomantas sa Chlár Rathúnais agus Cothroime na ceantair is mó míbhuntáiste sa tír a aithint agus codán den mhaoiniú don chuimsiú sóisialta a chuirtear ar fáil sa Phlean Náisiúnta Forbartha 2000-2006 a dhíriú ar na ceantair seo. Éilíonn an Clár chomh maith ar Ranna Rialtais agus ar Áisíneachtaí Stáit comhordú agus comhtháthú níos fearr a bhaint amach i seachadadh seirbhísí.

Tá dhá Shnáithe sa Chlár CAPIF:
Snáithe I: Díríonn Snáithe I ar 25 ionad uirbeach ina bhfuil an tiús is mó daoine faoi mhíbhuntáiste. Cuireadh Foirne Feidhmiúcháin Ceantair ar bun chun pleananna a ullmhú do gach ceann de na ceantair. Tá tús curtha le beartais ar leith a aithnítear a bheith riachtanach chun na pleananna a chur i bhfeidhm. Tá an Roinn ag obair go dlúth i gcónaí le Ranna eile Rialtais chun feidhmiú an Chláir a chur chun cinn.

Snáithe II: Seoladh Snáithe II, atá dírithe ar 20 bailte sna cúigí, i bhFeabhra 2002. D'ullmhaigh Foirne Feidhmithe Ceantair túsphleananna do gach ceann de na ceantair seo agus cuireadh faoi bhráid na Ranna iad le meas ag deireadh 2002. Tá na Foirne Feidhmithe Ceantair ag obair i gcónaí ar phleananna a ullmhú do na ceantair seo.

Tá an Roinn freagrach as comhordú agus feidhmiú Chlár CAPIF, le tacaíocht BFCT (ADM) Teoranta. Chaith an Roinn €53.579m. faoi na Cláir Forbartha Áitiúla agus Cuimsiú Sóisialta agus CAPIF i 2002.

Straitéis Náisiúnta Drugaí
Seoladh an Straitéis Náisiúnta Drugaí 2001-2008 i mí Bealtaine 2001, agus leanadh lena fheidhmiú i 2002. Rinneadh monatóireacht ar an dul chun cinn trí chruinnithe rialta an Ghrúpa Idir-Rannach ar Dhrugaí agus trí thuairiscí gach sé mhí ar an dul chun cinn chuig Coiste Cuimsiú Sóisialta na Comh-aireachta.  Cuireadh an chéad cheann de na tuairiscí seo i láthair i mí Eanáir 2002, agus an dara tuairisc i mí Mheán Fómhair 2002. Thaispeáin na tuairiscí go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Ranna agus gníomhaireachtaí i bhfeidhmiú na mbeart éagsúla a leagtar amach sa Straitéis.

Foilseofar an chéad Thuairisc Bhliantúil faoin Straitéus, don tréimhse 2001-2002, i 2003. Déanfar measúnú foriomlán ar an Straitéis i 2004. 

Tascfhórsaí Áitiúla Drugaí (TFAD)
Tá cionroinnt nó caiteachas de níos mó ná €65m. déanta ag an Rialtas ó 1997 i leith chun timpeall 500 tionscadal in dhá phlean na dTascfhórsaí a fheidhmiú sna réimsí cóireáil, athshlánú, oideachas, cosc agus feasacht. Tá a ndara plean gníomhaíochta á chur i bhfeidhm ag na TascFhórsaí uile, seachas an ceann i mBré. Tá a chéad phlean á fheidhmiú ag Bré, a ainmníodh le haghaidh TascFhórsa i 1999. Déanfar tionscadail lárshrutha den chéad dreas de phleananna faoi dheireadh 2003, ach meastóireacht shásúil a bheith déanta orthu.


Rinneadh cionroinnt bhreise de €11.5m. le haghaidh 36 tionscadal caipitil faoi Thionscnamh na nÁitreamh. Is í aidhm an Tioscnaimh seo freastal ar riachtanais cóiríochta na dtionscadal drugaí pobalbhunaithe, a bhfuil a bhformhór i gceantair TFAD.   

Ciste Áiseanna agus Seirbhísí na nÓg (CÁSÓ)
Bunaíodh Ciste Áiseanna agus Seirbhísí na nÓg (CÁSÓ) i 1998 chun áiseanna óige a fhorbairt, áiseanna spóirt agus siamsaíochta ina measc, i gceantair faoi mhíbhuntáiste ina bhfuil fadhb shuntasach drugaí nó go bhféadfadh a leithéid teacht chun cinn iontu. Tá sí dírithe go príomha ar cheantair na dTascfhórsaí Áitiúla Drugaí agus ar cheantair roghnaithe uirbeacha (Gaillimh, Luimneach Ceatharlach agus Port Láirge). Faoin gcéad dhreas maoinithe CÁSÓ faomhadh beagnach 340 tionscadal ar leith ar son maoinithe de timpeall €59m. mar chuid de na straitéisí comhtháite bunaithe ar cheantair agus de na tionscnaimh náisiúnta/réigiúnacha. 

Rinneadh dul chun cinn a dhéanamh go seasta faoi chéad-dhreas an CÁSÓ i rith 2002, agus cuireadh bonn faoi beagnach gach ceann de na tionscadail seirbhísí, agus críochnaíodh agus osclaíodh a lán áiseanna do na spriocghrúpaí.  Rinne comhairleoirí an WRC meastóireacht neamhspleách ar an gCiste i 2002 chun a éifeachtúlacht agus a thionchar ag leibhéal náisiúnta, pleain agus áitiúil a iniúchadh.   Fuair Coiste Náisiúnta Meastóireachta an Chiste tuairisc dheiridh na meastóirí ag deireadh 2002, agus ag deireadh na bliana bhí a gcinnidh fós á meas.  

Caitheadh os cionn €35m. san iomlán ó 1997 i leith nó rinneadh é a chionroinnt trí na TascFhórsaí Áitiúla Drugaí, Ciste Áiseanna agus Seirbhísí na nÓg agus an Tionscnamh Áitrimh. 

An Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí (CCND)
Bunaíodh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí i mí Iúil 2002 chun comhairle a chur ar an Rialtas maidir le leitheadúlacht, cosc, cóireáil agus torthaí mhí-úsáid drugaí. Tá clár taighde trí bliana ar bun ag an CCND agus tá críoch curtha le roinnt tionscnaimh taighde.  D'fhoilsigh sé go háirithe:

· Forbhreathnú den eolas a bhí ar fáil faoi chosc i mí na Nollag 2001, agus
· tuairisc faoi úsáid Buprenorphine mar idirghabhálaí i gcóireáil an spleáchais ar chodlaitín i mí na Samhna 2002.

Choimisiúnaigh an CCND roinnt tionscnaimh taighde eile chomh maith, go háirithe suirbhé ginearálta ar dhaonra na hÉireann uile maidir le húsáid drugaí agus staidéar comhréireach ar thorthaí cóireála.  Bhí scéim dheontais taighde do ghrúpaí pobail agus deonacha ag CCND i 2002 chomh maith.

Clár Síochána agus Athmhuintearais II
Is sainchlár de chuid Cistí Struchtúrtha an Aontais Eorpaigh é an Clár Síochána agus Athmhuintearais atá dírithe ar oidhreacht na coimhlinte a leigheas agus chun glacadh le deiseanna a eascraíonn as an tsíocháin chun bearta a fhorbairt a dhíríonn, ó pheirspictíocht na Roinne seo, ar thrí cinn de chúig phríomhthosaíochta an chláir.
Athnuachan Eacnamaíoch
Comhtháthú Sóisialta, Cuimsiú agus Athmhuintearas;
Coimhoibriú Trasteorann.

Cé go bhfuil maoirsiú á dhéanamh ag Comhlacht Speisialta Clár an Aontais Eorpaigh (SEUPB), déantar an ghné seo de bhearta na Roinne a sheachadadh ar a son ag Area Development Management Ltd agus an Ghníomhaireacht Fhrithbhochtanais trí ADM-CPA i Muineachán i gcomhar.

Tá buiséad iomlán de €97.6m. ag na cláir seo, agus €64m. de sin ceangailte do 368 tionscadal a faomhadh faoi na bearta atá i gceist. Tá os cionn €30m. den suim seo tiomanta do thionscadail trasteorann.  Díríodh go príomha ar fhorbairt agus roghnú tionscadail i 2002 agus bhí caiteachas iomlán de €11.37m. ann faoi dheireadh na bliana. Táthar ag súil go méadófar an ráta caiteachais go mór i 2003 de réir mar a thosaíonn na tionscadail.

An Rannóg Seo