/ie/EolasfaoinRoinn/CairtChustaimeara/name,9561,ie.html

Brú anseo chun an Cairt Custaiméirí 2008 - 2010 íoslódáil (1,007 kb)
Cairt Custaiméirí 2008 - 2010

Cairt Chustaiméara

Sonraí teagmhála

Tuilleadh eolais

Is féidir breis cóipeanna den chairt seo a fháil ach iad a iarraidh agus i bhfoirm leictreonach ar ár láithreán gréasáin, www.pobail.ie. Chun teagmháil a dhéanamh linn, is féidir scríobh, glaoch teileafóin a dhéanamh, ríomhphost a chur nó bualadh isteach chuig ár n-oifigí:

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Dún Aimhirgin, 43/49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4.

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

Tráthanna oscailte:
Dé Luain go Déardaoin: 9.15am go 5.30pm
Dé hAoine: 9.15am go 5.15pm
Teileafón: (01) 647 3000
Glao áitiúil: 1890 474 847
Faics: (01) 647 3051
Ríomhphost: eolas@pobail.ie
Gréasán: www.pobail.ie

Má bhíonn tú míshásta leis an tseirbhís

Tá sé mar aidhm againn seirbhís d'ardchaighdeán a chur ar fáil dár gcustaiméirí uile. Ach, má bhíonn tú míshásta lenár seirbhís, innis dúinn é le do thoil. Molaimid duit teagmháil a dhéanamh i dtosach lenár bhfoireann go háitiúil féachaint an mbeidís sin in ann déileáil le do chás. Mura réitítear an scéal chun do shástachta ag an leibhéal áitiúil is féidir leat dul i dteagmháil lénár nOifigeach Seirbhíse Custaiméara (sonraí teagmhála thíos) a dhéanfaidh athbhreithniú ar an scéal.

An tOifigeach Seirbhíse Custaiméara

An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta,
Dún Aimhirgin
43/49 Bóthar Mespil
Baile Átha Cliath 4
Teileafón: (01) 647 3010
Faics: (01) 647 3158
Ríomhphost: custserv@pobail.ie

Beidh tú i dteideal freisin, ar ndóigh, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman, a bheidh de ghnáth, áfach, ag súil go ndearna tú gearán leis an Roinn i dtosach. Tá an tOmbudsman neamhspleách go hiomlán ar an Rialtas, agus tá an tseirbhís saor in aisce.

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Leeson Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: (01) 678 5222
Faics: (01) 661 0570
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie

Geallaimid go ndéanfaimid comhoibriú leis an Ombudsman agus le daoine nó eagraíochtaí ar bith eile a bheidh ag gníomhú ar do shon. Beidh ár nOifigeach Seirbhíse Custaiméara sásta eolas nó cúnamh ar bith a bheadh de dhíth ort a thabhairt.

Monatóireacht ar ár bhfeidhmíocht

Foilseofar torthaí ár measúnaithe ar ár bhfeidhmíocht i rith na bliana in ár dTuarascáil Bhliantúil agus ar ár láithreán gréasáin www.pobail.ie.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh cóipeanna den Tuarascáil Bhliantúil nó iad a fháil ónár láithreán gréasáin.

An Rannóg Seo